Caingean arna tabhairt an 26 Eanáir 2024 – BP v EIT
(Cás T-42/24)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: BP (ionadaí: E. Lazar, Dlíodóir)
Cosantóir: An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
cinneadh an 15 Eanáir 2024 gan conradh an iarratasóra a athnuachan a chur ar neamhní;
cúiteamh a íoc leis an iarratasóir as damáiste ábhartha a mheastar a bheith cothrom le EUR 149 850.53, suim nach mór ús déanach a chur léi ag príomhráta an Bhainc Cheannais Eorpaigh móide 2 phointe céatadáin.
cúiteamh a íoc leis an iarratasóir as damáiste neamhábhartha a mheastar a bheith cothrom le EUR 75 000 nó pé suim a bhféadfadh an Chúirt a shocrú ex aequo et bono;
a ordú don chosantóir na costais iomlána a íoc, fiú má dhiúltófar don iarratas.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an gceart chun éisteacht a fháil.
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar cheanglais riachtanacha nós imeachta agus rialacha inmheánacha agus léiriú éagórach míréasúnta ar na rialacha sin, chomh maith le easpa intuarthachta agus easpa deimhneachta dlíthiúla.
– Tagraíonn an t-iarratasóir ina leith sin d’Airteagal 110 de na Rialachán Foirne agus d’Iarscríbhinn 1, roinn 2, mír 3 a ghabhann le Rialachán Bunaidh EIT. 1
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 41(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus ar phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh.
An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar dhualgas cúraim i leith na foirne, mainneachtain leasa na hinstitiúide agus an iarratasóra a chur san áireamh, agus cineál díréireach an chinnidh i bhfianaise leas iarbhír na hinstitiúide.
An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear mainneachtain údarás ceapacháin EIT a chuid chumachtaí a úsáid (corrlaigh lánroghnacha mhóra) chun an cás a réiteach go hinmheánach. Tagraíonn an t-iarratasóir freisin don sárú líomhnaithe ar Airteagal 15 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
____________
1 Rialachán (AE) Uimh. 2021/819 an 20 Bealtaine 2021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht.