Language of document :

Caingean arna tabhairt an 8 Feabhra 2024 – UC v an Chomhairle

(Cás T-72/24)

Teanga an cháis: an Ollainnis

Páirtithe

Iarratasóir: UC (ionadaí: S. Bekaert, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2023/2768 ón gComhairle an 8 Nollaig 2023 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2771 ón gComhairle an 8 Nollaig 2023 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (‘na gníomhartha atá faoi chonspóid’) a mhéid a bhaineann leis, agus

a ordú don Chomhairle costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí: sárú cumhachtaí, sárú ar Airteagail 75 agus 215 CFAE, sárú ar Airteagal 31(1) CAE, sárú ar Airteagal 15(3) CFAE agus sárú ar Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún.

Sáraítear le Cinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle, faoi seach, Airteagal 31 CAE agus Airteagal 75 agus Airteagal 215 CFAE.

Ós rud é nach bhfuil rochtain ag an bpobal ar na tuarascálacha agus ar thorthaí na vótála ar an gCinneadh sin agus ar an Rialachán sin agus ar na cinntí agus ar na rialacháin leasaitheacha ina dhiaidh sin agus ar na gníomhartha dlí atá faoi chonspóid, i gcodarsnacht le rialacháin agus cinntí eile na Comhairle, tá sárú ar na rialacha maidir le trédhearcacht freisin.

An dara saincheist dlí: sáraítear leis an dara fleasc d’Airteagal 3 de Chinneadh 2010/788/CBES agus Airteagal 2b(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 prionsabail na deimhneachta dlíthiúla, na comhréireachta agus na héifeachtachta.

Cruthaítear leis an dara fleasc d’Airteagal 3 de Chinneadh 2010/788/CBES, arna leasú le Cinneadh (CBES) Uimh. 2022/2377 an 5 Nollaig 2022 agus Airteagal 2b(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005, arna leasú le Rialachán (CE) 2022/2373 ón gComhairle an 5 Nollaig 2022, trí chatagóir chomh leathan sin daoine a chruthú trí úsáid a bhaint as critéar a bhfuil an fhoclaíocht chomh ginearálta sin ann go sáraítear leis prionsabail na deimhneachta dlíthiúla, na comhréireachta agus na héifeachtúlachta.

An tríú saincheist dlí: sárú ar Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus ar Airteagal 296 CFAE (oibleagáid cúiseanna a lua).

Cuireann an t-iarratasóir in aghaidh gach ceann de na cúiseanna a thugtar sna gníomhartha atá faoi chonspóid. Sáraíonn an Chomhairle an oibleagáid cúiseanna a lua, mar a chumhdaítear, inter alia, in Airteagal 41(2)(c) den Chairt agus sa dara mír d’Airteagal 296 CFAE.

An ceathrú saincheist dlí: sárú ar an gceart chun maoine agus ar phrionsabal na comhréireachta.

Sáraítear ceart maoine an iarratasóra agus cuirtear srian díréireach air de bharr reo a fhoirmítear go ginearálta ar acmhainní an iarratasóra - i bhfianaise a fheidhmiú ginearálta agus a ré éiginnte.

An cúigiú saincheist dlí: sárú ar an tsaoirse gluaiseachta, ar an gceart chun cónaí agus bunaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 45(1) den Chairt agus in Airteagail 20 agus 21 CFAE, agus sárú ar phrionsabail na comhréireachta agus na héifeachtachta.

Tá náisiúntacht Bheilgeach ag an iarratasóir. Tá an smachtbhanna a chuireann cosc ​​air teacht isteach san Aontas, lena n-áirítear ar idirthuras, agus a chuireann cosc ​​air teacht isteach nó fanacht i gcríoch na Beilge díréireach agus sáraíonn sé prionsabal na héifeachtachta freisin.

____________