Language of document :

Caingean arna tabhairt an 16 Feabhra 2024 – Administration of the State Border Guard Service of Ukraine v EUIPO (RUSSIAN WARSHIP, GO F**K YOURSELF)

(Cás T-82/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Administration of the State Border Guard Service of Ukraine (ionadaí: P. Holý, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifige Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh RUSSIAN WARSHIP, GO F**K YOURSELF – Iarratas ar chlarú Uimh. 18 672 791

An cinneadh atá faoi chonspóid: cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 1 Nollaig 2023 i gCás R 438/2023-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí

sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

sárú ar phrionsabal na córa comhionainne agus an dea-riaracháin;

sarú ar Airteagal 71(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________