Language of document :

Caingean arna tabhairt an 14 Feabhra 2024 – Skechers USA v EUIPO (STEP IN AND GO)

(Cás T-81/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Skechers USA, Inc. II (Manhattan Beach, California, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: J. Bogatz, Y. Stone agus J. Feigl, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘STEP IN AND GO’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 822 336

Cinneadh atá faoi chonspóid: cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de chuid EUIPO an 14 Nollaig 2023 i gCás R 1730/2023-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc .

Saincheisteanna dlí

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar phrionsabal an chomhionannais mar a leagtar síos in Airteagal 20 i gcomhar le hAirteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

Sárú ar an gceart chun dea-riaracháin mar a leagtar síos in Airteagal 41(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

____________