Language of document :

Caingean arna tabhairt an 7 Feabhra 2024 – BBF Company v EUIPO – Monster Energy (INSOMNIA ENERGY)

(Cás T-59/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Shoqëria Tregtare BBF Company SHPK (Ferizaj, an Chosaiv) (ionadaí: A. Kostov, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Monster Energy Co. (Corona, California, na Stáit Aontaithe)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ina bhfuil an ghné focail INSOMNIA ENERGY de dhathanna dubh, glas agus bán – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 15 905 045

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de chuid EUIPO an 7 Nollaig 2023 i gCás R 258/2023-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú go ndéanfar costais na n-imeachtaí a aisíoc.

Saincheisteanna dlí

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ;

Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________