Language of document :

Caingean arna tabhairt an 2 February 2022 – an Coimisiún Eorpach v an Rómáin

(Cás C-69/22)

Teanga an cháis: an Rómáinis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Noll-Ehlers agus M. Ioan, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: An Rómáin

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt:

a dhearbhú, de bharr gur mhainnigh an Rómáin Clár Náisiúnta um Rialú ar Thruailliú Aeir a ghlacadh agus a chur in iúl don Choimisiún Eorpach, gur mhainnigh sí a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagail 6(1) agus 10(1) de Threoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an 14 Nollaig 2016] maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE;1

a ordú don Rómáin na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Maíonn an Coimisiún go dtugtar gealltanais, le Treoir (AE) 2016/2284 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, cúig bhuntruailleán atmaisféaracha a laghdú don tréimhse 2020-2029, ag tosú in 2030. D’fhonn na gealltanais sin i leith astaíochtaí a chomhlíonadh agus chun cur le cuspóirí an Aontais maidir le cáilíocht an aeir a bhaint amach, iarrtar ar Bhallstáit Clár Náisiúnta um Rialú ar Thruailliú Aeir (NAPCP) a ghlacadh.

Faoi Airteagal 10(1) de Threoir (AE) 2016/2284, bhí ceanglas ar an Rómáin fógra a thabhairt don Choimisiún maidir lena NAPCP faoin 1 Aibreán 2019 ar a dhéanaí, agus ba chóir go mbeadh tús curtha le haon ghníomhaíochtaí beartaithe ag údaráis na Rómáine roimh an dáta sin.

Dá bhrí sin, maíonn an Coimisiún gur mhainnigh an Rómáin a hoibleagáidí faoi Airteagail 6(1) agus 10(1) de Threoir (AE) 2016/2284 a chomhlíonadh de bharr nár ghlac sí a NACPC ná nár chuir sí fógra chuig an gCoimisiún ina leith roimh dháta an iarratais seo.

____________

1 IO L 344, 17.12.2016, lgh. 1–31.