Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 4 Lúnasa 2023 ag Canal+ i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) a tugadh an 7 Meitheamh 2023 i gCás T-47/22, DDR Kultur v EUIPO – Groupe Canal+ (THE PLANET)

(Cás C-500/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Groupe Canal+ (ionadaithe: M. Georges-Picot agus C. Cuny, avocates)

Páirtithe eile sna himeachtaí: DDR Kultur UG (haftungsbeschränkt), Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Le hordú an 18 Eanair 2024, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann má leanann achomhairc ar aghaidh) nár cheart ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh sí don achomharcóir a chostais féin a íoc.

____________