Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Superior de Justicia de Galicia (an Spáinn) a taisceadh an 17 Feabhra 2022 – DX, Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS) v Tesorería General de la Seguridad Social

(Cás C-113/22)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Superior de Justicia de Galicia

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: DX, Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS)

Cosantóir: Tesorería General de la Seguridad Social

Na ceisteanna a tharchuirtear

An féidir gnás an eintitis bainistíochta arna leagan amach in Criterio de Gestión 1/2020 de la Subdirección General de Ordenación y Asistencia Jurídica del INSS (Critéar Bainistíochta 1/2020 ó Fho-Stiúrthóireacht Ghinearálta um Phleanáil agus um Chúnamh Dlíthiúil INSS (Institiúid Náisiúnta um Árachas Sóisialta)), an 31 Eanáir 2020, an liúntas forlíontach atá faoi chonspóid a dhiúltú i gcónaí d’fhir agus a chur d’iallach orthu é a éileamh i gcúirt, mar a tharla don iarratasóir sa chás seo, a mheas, de bhun Threoir 79/7/CEE1 ón gComhairle an 19 Nollaig 1978, maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile, mar neamhchomhlíonadh riaracháin uirthi sin i gcaoi éagsúil ón neamhchomhlíonadh a fuarthas i mBreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 12 Nollaig 2019, W A (C-450/2018)2 , sa chaoi, nuair a mheastar leis féin é, gur idirdhealú bunaithe ar ghnéas é an neamhchomhlíonadh riaracháin seo, i bhfianaise an mhéid, de bhun Airteagal 4 na Treorach sin, go sainmhínítear prionsabal na córa comhionainne mar easpa aon idirdhealú bunaithe ar ghnéas, go díreach nó go hindíreach, agus go nglacfaidh na Ballstáit, de bhun Airteagal 5 na Treorach sin, na bearta is gá chun forálacha reachtacha agus riaracháin araon atá i gcontrárthacht le prionsabal na córa comhionainne a aisghairm?

I bhfianaise an fhreagra arna thabhairt ar an gceist thuas, agus Treoir 79/7 á cur san áireamh (go háirithe a hAirteagal 6, agus prionsabal na coibhéise agus prionsabal na héifeachtachta maidir le hiarmhairtí dlí an neamhchomhlíonaithe ar Dhlí an Aontais), an gcaithfidh gurb é dáta éifeachta an aitheantais bhreithiúnaigh ar an liúntas forlíontach dáta an iarratais (le siardhátú 3 mhí), nó an gcaithfí an dáta éifeachta sin a shiardhátú go dtí an dáta ar eisíodh nó ar foilsíodh Breithiúnas CBAE W A, nó go dáta an teagmhais ba chúis leis an sochar míchumais buan a bhaineann leis an liúntas forlíontach atá faoi chonspóid?

I bhfianaise an fhreagra arna thabhairt ar an gceist thuas, agus an Treoir is infheidhme á cur san áireamh (go háirithe a hAirteagal 6, agus prionsabal na coibhéise agus prionsabal na héifeachtachta maidir le hiarmhairtí dlí an neamhchomhlíonaithe ar Dhlí an Aontais), an bhfuil sé iomchuí cúiteamh a dhámhachtain i bhfoirm cúitimh airgid ar na damáistí agus ar na caillteanais, agus le héifeacht díspreagadh, á chur san áireamh nach bhfuil siad sin cumhdaithe ag an gcinneadh maidir le dáta éifeachta an aitheantais bhreithiúnaigh ar an liúntas forlíontach, agus i gcás ar bith, ar chóir go gcumhdófaí leis an gcúiteamh táillí agus costais cúirte na hionadaíochta dlí os comhair an Juzgado de lo Social (an Chúirt Sóisialta) agus Sala de lo Social (Dlísheomra Sóisialta) na cúirte a rinne an tarchur?

____________

1 IO 1979, L 6, lch. 24.

1 EU:C:2019:1075