Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 13 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzgericht – an Ostair) – DN v Finanzamt Österreich

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-199/21) 1

(Tarchur chun réamhrialú — Slándáil shóisialta — Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 — Airteagail 67 agus 68 — Sochair teaghlaigh — Teidlíocht ar shochair phinsin — Pinsinéir íoctha ag dhá Bhallstát — Ballstá(i)t ina bhfuil an pinsinéir sin i dteideal sochair teaghlaigh — Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 — An tríú habairt d'Airteagal 60(1) —Reachtaíocht Ballstáit lena ndéantar foráil maidir le sochair teaghlaigh a dheonú don tuismitheoir a chuir fáilte roimh an leanbh isteach ina theach nó ina teach — Mainneachtain an tuismitheora sin iarratas a dhéanamh ar na sochair sin — Oibleagáid an t-iarratas a chuir an tuismitheoir eile isteach a chur san áireamh — Iarratas ar aisíocaíocht sochar teaghlaigh a íocadh leis an tuismitheoir eile — Inghlacthacht fianaise)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesfinanzgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: DN

Cosantóir: Finanzamt Österreich

An chuid oibríochtúil

Maidir leis an dara habairt d'Airteagal 67 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina bhfaigheann duine pinsin in dhá Bhallstát, tá an duine sin i dteideal sochair teaghlaigh de réir reachtaíocht an dá Bhallstát sin. I gcás ina ndéanfar fáil na sochair sin i gceann de na Ballstáit sin a eisiamh faoin reachtaíocht náisiúnta, ní bheidh feidhm ag na rialacha tosaíochta dá dtagraítear in Airteagal 68(1) agus (2) den Rialachán sin.

Maidir leis an tríú habairt d'Airteagal 60(1) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas :

cuirtear bac leis ar reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear aisghabháil na sochar teaghlaigh a deonaíodh, in éagmais iarratais ón tuismitheoir atá i dteideal chucu faoin reachtaíocht sin, don tuismitheoir eile, ar chuir an institiúid inniúil a iarratas nó a hiarratas san áireamh de réir na forála sin, agus a bhfuil an t-ualach airgeadais a bhaineann le cothabháil an linbh air i ndáiríre.

____________

1 IO C 242, 21.06.2021