Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Satversmes tiesa (an Laitvia) a taisceadh an 1 Feabhra 2023 – AZ, 1Dream OÜ, Produktech Engineering AG, BBP, Polaris Consulting Ltd v Latvijas Republikas Saeima

(Cás C-49/23, 1Dream agus páirtithe eile)

Teanga an cháis: an Laitvis

An chúirt a rinne an tarchur

Satversmes tiesa

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: AZ, 1Dream OÜ, Produktech Engineering AG, BBP, Polaris Consulting Ltd.

Cosantóirí: Latvijas Republikas Saeima

Na ceisteanna a tharchuirtear

An dtagann reachtaíocht náisiúnta, ar reachtaíocht í faoina dtugann cúirt náisiúnta ordú maidir le coigistiú fáltais ó choireacht in imeachtaí ar leithligh a bhaineann leis na sócmhainní a fuarthas go neamhdhleathach, ar imeachtaí ar leith iad ó na príomhimeachtaí coiriúla, sula ndéantar cinneadh go ndearnadh cion coiriúil agus duine a chiontú sa chion lena mbaineann agus faoina bhfuil an coigistiú bunaithe ar ábhair i gcomhad na n-imeachtaí coiriúla, faoi raon feidhme Threoir 2014/421 , go háirithe Airteagal 4 di, agus faoi Chinneadh Réime 2005/2122 , go háirithe Airteagal 2 de?

Más freagra dearfach a thabharfar ar an gcéad cheist, an gcumhdaítear faoin gcoincheap “ordú coigistíochta” de réir bhrí Threoir 2014/4 agus, go háirithe, an dara habairt d’Airteagal 8(6) di, ní hamháin orduithe breithiúnacha lena gcinntear go bhfuarthas na sócmhainní go neamhdhleathach agus lena n-ordaítear a gcoigistiú, ach orduithe breithiúnacha freisin lena gcuirtear clabhsúr leis na himeachtaí maidir leis na sócmhainní a fuarthas go neamhdhleathach?

Más freagra diúltach a thabharfar ar an dara ceist, an bhfuil reachtaíocht i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt agus leis an dara habairt d’Airteagal 8(6) de Threoir 2014/42 i gcás nach bhfuil daoine a bhfuil baint acu leis na sócmhainní in ann agóid a dhéanamh i gcoinne orduithe coigistíochta?

An gcaithfear an prionsabal maidir le tosaíocht dhlí an Aontais a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar an gcúirt bhunreachtúil i mBallstát a bhfuil caingean bhunreachtúil os a comhair maidir le reachtaíocht náisiúnta a dearbhaíodh nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais breith a thabhairt go bhfuil feidhm ag prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus go bhfuil éifeachtaí dlí na reachtaíochta sin fós ar bun go sealadach go dtí an uair, arna leagan síos i gcinneadh na cúirte sin, nach mbeidh éifeacht ag an bhforáil sin a thuilleadh?

____________

1     Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí agus fáltais ó choireacht a chalcadh agus a choigistiú san Aontas Eorpach (IO 2014 L 127, lch. 39).

1     Cinneadh Réime 2005/212/CGB ón gComhairle an 24 Feabhra 2005 maidir le fáltais, ionstraimeachtaí agus maoin a bhaineann le coireacht a choigistiú (IO 2005 L 68, lch. 49).