Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 29 Feabhra 2024 ag JPMorgan Chase & Co., JPMorgan Chase Bank, National Association i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 20 Nollaig 2023 i gCás T-106/17, JPMorgan Chase agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás C-160/24 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóirí: JPMorgan Chase & Co., JPMorgan Chase Bank, National Association (ionadaithe: M. Lester KC, Abhcóide, D. Piccinin KC, D. Heaton, Barrister, P. Luckhurst, Abhcóide, B. Tormey, N. Frey, D. Das, A. Holroyd, D. Hunt, N. English, L. Ream, Solicitors)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:

míreanna 3 go 5 de chuid oibríochtúil an bhreithiúnais atá faoi achomharc a chur ar ceal;

Airteagal 1(c) den Chinneadh 1 a chur ar neamhní, agus

a ordú don Choimisiún costais na n-achomharcóirí i leith na n-imeachtaí a íoc, lena n-áirítear costais na n-iarratasóirí os comhair na Cúirte Ginearálta agus na Cúirte Breithiúnais.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir trí shaincheist dlí:

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí go raibh an trádálaí JPMorgan Chase & Co. agus JPMorgan Chase Bank, National Association (‘JPMC’) ‘rannpháirteach in iompar agus é mar aidhm aige rátaí Euribor a ionramháil’ i dteachtaireachtaí an 27, 28 agus 29 Meán Fómhair 2006, an 2, 25 agus 26 Deireadh Fómhair 2006, an 8 Samhain 2006, an 18 Nollaig 2006, an 4 agus 8 Eanáir 2007, an 6 Feabhra 2007, an 16 agus 19 Márta 2007. Ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta cinntí fíorasacha a théann níos faide ná cinntí an Chinnidh agus ar an gcaoi sin, sháraigh sí a dlínse i gcaingean le haghaidh neamhniú trína réasúnú féin a chur in ionad réasúnú údair an ghnímh atá faoi chonspóid. Ar an dara dul síos, mhainnigh an Chúirt Ghinearálta an dualgas agus an caighdeán cruthúnais a chur i bhfeidhm i gceart. Ar an tríú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta an fhianaise a shaobhadh. Ar an gceathrú dul síos, níor thug an Chúirt Ghinearálta aghaidh ar na hargóintí agus ar an bhfianaise a chuir JPMC isteach agus mar sin níor chomhlíon sí an dualgas cúiseanna a thabhairt. Ar an gcúigiú dul síos, chinn an Chúirt Ghinearálta go mícheart go raibh JPMC faoi cheangal é féin a scaradh go poiblí ó iompar gnóthas áirithe eile agus dá bhrí sin níor chuir sí an cásdlí maidir le scaradh poiblí i bhfeidhm i gceart.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína chinneadh go raibh teachtaireachtaí an 13 Samhain 2006 agus an 14 Márta 2007 laistigh de raon feidhme an tsáraithe. Níor raibh an cuspóir a leag an Coimisiún amach ina chinneadh ag ceachtar den dá theachtaireacht, eadhon, go raibh sárú aonair agus leanúnach ann lenar cuireadh srian ar an iomaíocht de réir a chuspóra.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí ina cur chuige i leith an phionóis. Ar an gcéad dul síos, trí leas a bhaint as fachtóir laghdaithe an Choimisiúin chun an fhíneáil a ríomh (i) mhainnigh an Chúirt Ghinearálta cúiseanna leordhóthanacha a thabhairt, (ii) níor thug sí aghaidh ar argóintí JPMC a bhí dírithe ar an bhfachtóir lascaine, (iii) sháraigh sí Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha agus (iv) d’fhorchuir sí fíneáil a bhí díréireach go follasach. Ar an dara dul síos, níor thug an Chúirt Ghinearálta aghaidh ar phríomhphointe JPMC agus beagnach gach argóint dá cuid ar an gceist ar cheart ioncam saincheadúnais leithdháilte nó fáltais airgid lascainithe a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar luach na ndíolachán, agus dá bhrí sin sháraigh sí an dualgas cúiseanna a thabhairt, an dualgas scrúdú a dhéanamh ar argóintí JPMC, Airteagal 47 den Chairt agus, i gcás ar bith, d’fhorchuir sí fíneáil a bhí díréireach go follasach. Ar an tríú dul síos, maidir leis an nglanluacháil a rinne gnóthas eile atá faoi réir pionóis sa chás céanna ar gach idirbheart a bhain leis an gconradh, rinne an Chúirt Ghinearálta an fhianaise a shaobhadh agus sháraigh sí prionsabal na córa comhionainne. Ar an gceathrú agus an gcúigiú dul síos, maidir le díorthaigh ‘hibrideacha’ agus díorthaigh ‘aimhréiteacha’ a eisiamh ó luach na ndíolachán ag gnóthais eile atá faoi réir pionóis sa chás céanna, rinne an Chúirt Ghinearálta an fhianaise a shaobhadh agus sháraigh sí prionsabal na córa comhionainne.

____________

1 Cinneadh C(2016) 8530 final ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2016 maidir le nós imeachta lena gcuirtear Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE i bhfeidhm (Cás AT.39914 – Díorthaigh Ráta Úis in Euro (EIRD)).