Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Riigikohus (an Eastóin) a taisceadh an 5 Nollaig 2023 – Maksu- ja Tolliamet v UT

(Cás C-745/23, Alenopik 1 )

Teanga an cháis: an Eastóinis

An chúirt a rinne an tarchur

Riigikohus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Maksu- ja Tolliamet

Cosantóir: UT

An cheist a tharchuirtear

Cén chaoi ina bhfuil an ráta malairte atá le húsáid mar bhunús chun luach an airgid thirim de réir bhrí Airteagal 3(1) de Rialachán 2018/1672 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le cinneadh i gcás a bhaineann le hairgeadra nach bhfoilsíonn an Banc Ceannais Eorpach a ráta malairte?

____________

1 Is ainm bréige é an t-ainm sa chás seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Rialachán (AE) 2018/1672 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005 (IO 2018 L 284, lch. 6).