Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 6 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas – an Liotuáin) – UAB „Vittamed technologijos“, faoi leachtú v Valstybinė mokesčių inspekcija
(Cás C-293/21) 1
(Tarchur chun réamhrialú – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Asbhaintí CBL ar ionchur – Earraí agus seirbhísí arna n-úsáid ag an duine inchánach chun earraí caipitiúla a dhéanamh – Airteagail 184 go 187 – Asbhaintí a thabhairt chun rialtachta – Oibleagáid asbhaintí CBL a thabhairt chun rialtachta sa chás ina gcuirtear an duine inchánach sin faoi leachtú agus é a bheith bainte ó chlár na n-íocóirí CBL)
Teanga an cháis: an Liotuáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: UAB „Vittamed technologijos“, faoi leachtú
Cosantóir: Valstybinė mokesčių inspekcija
idiragraí: Kauno apskrities valstybinė mokesčių inspekcija
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagail 184 go 187 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Nollaig 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha,
ní mór léiriú a dhéanamh orthu amhail go bhfuil duine inchánach faoi oibleagáid asbhaintí cánach breisluacha (CBL) ar ionchur i leith earraí nó seirbhísí arna bhfáil d’fhonn earraí caipitiúla a dhéanamh a thabhairt chun rialtachta sa chás, mar gheall ar chinneadh ón úinéir nó ón scairshealbhóir aonair den duine inchánach sin é a chur faoi leachtú agus ar iarratas an duine inchánaigh sin go ndéanfaí é a bhaint ó chlár na n-íocóirí CBL, agus mar gheall air gur baineadh é, níor baineadh úsáid as na hearraí caipitiúla sin – agus ní bhainfear úsáid astu riamh – mar chuid de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha inchánacha. Maidir leis na cúiseanna leis an gcinneadh sin an duine inchánach sin a chur faoi leachtú agus, dá bharr sin, an ghníomhaíocht eacnamaíoch inchánach a bhí ceaptha a chur ar lár, amhail caillteanais ag fás gan deireadh, easpa orduithe agus an t-amhras a bhí ar scairshealbhóir an duine inchánaigh i leith brabúsacht na gníomhaíochta eacnamaíche a bhí ceaptha, níl tionchar ar bith acu ar oibleagáid an duine inchánaigh na hasbhaintí CBL atá i gceist a thabhairt chun rialtachta, a mhéid nach bhfuil – agus nach mbeidh riamh – rún ar bith air na hearraí caipitiúla a úsáid chun críocha idirbhearta eacnamaíocha.
____________
1 IO C 289, 19.7.2021.