Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 15 Nollaig 2021 ag Wolfgang Kappes i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a tugadh an 13 Deireadh Fómhair 2021 i gCás T-436/20, Sedus Stoll AG v Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

(Cás C-785/21 P)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Achomharcóir: Wolfgang Kappes (ionadaithe: B. Schneiders, J. Schneiders, T. Pfeifer, N. Gottschalk, Rechtsanwälte)

Páirtithe eile sna príomhimeachtaí: Sedus Stoll AG, Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Trí ordú an 5 Aibreán 2022, níor cheadaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (Dlísheomra ag cinneadh an gceadófar d’achomhairc dul ar aghaidh) don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh sí don achomharcóir a chostais féin a íoc.

____________