Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 9 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad – an Bhulgáir) – Direktor na Agentsia “Mitnitsi” v “IMPERIAL TOBACCO BULGARIA” EOOD
(Cás C-55/21)1
(Tarchur chun réamhrialú – Cánachas – Dleachtanna máil – Treoir 2008/118/CE – Airteagal 11 – Aisíoc na ndleachtanna máil is infheidhme ar earraí máil a scaoileadh lena dtomhailt – Treoir 2011/64/AE – Airteagal 17(1)(b) – Aisíocaíocht na dleachta máil a íocadh cheana, trí bhíthin marcálacha cánach, arna ngreamú de thobac monaraithe arna scriosadh faoi mhaoirseacht riaracháin – Oibleagáid na mBallstát rialacháin a ghlacadh lena bhforáiltear d’aisíoc dleachtanna máil ar thobac monaraithe a scaoiltear lena thomhailt agus a scriostar faoi mhaoirseacht chustaim – Neamhláithreacht)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Varhoven administrativen sad
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Direktor na Agentsia “Mitnitsi”
Cosantóir: “IMPERIAL TOBACCO BULGARIA” EOOD
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 11 de Threoir 2008/118/CE ón gComhairle, an 16 Nollaig 2008, maidir leis na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE, agus Airteagal 17(1)(b) de Threoir 2011/64/AE ón gComhairle, an 21 Meitheamh 2011, maidir le struchtúr agus rátaí na ndleachtanna máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe, a léirmhíniú sa chiall nach gceanglaítear leis na forálacha sin ar Bhallstáit foráil a dhéanamh maidir le dleacht máil ar earraí atá faoi réir dleachta máil a aisíoc, lena n-áirítear tobac monaraithe, atá scriosta faoi mhaoirseacht chustaim, a scaoileadh cheana lena thomhailt.
____________
1 IO C 128, 12.04.2021