Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil) a taisceadh an 12 Nollaig 2023 – Persidera SpA v Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni, Ministero delle Imprese e del Made in Italy

(Cás C-766/23, Persidera-2)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Persidera SpA

Cosantóirí: Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni, Ministero delle Imprese e del Made in Italy

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gá dlí an Aontais agus, go háirithe, Airteagail 3(3) agus (3a) agus Airteagail 8 agus 9 de Threoir 2002/21/CE (Creat-treoir),1 arna leasú le Treoir 2009/140/CE,2 agus Airteagail 5, 6, 8, 9 agus 45 de Threoir (AE) 2018/1972,3 a léiriú mar chosc ar chóras amhail an córas a tugadh isteach i bPoblacht na hIodáile le hAirteagal 1 (1031a) de Legge di Bilancio 2018 (Dlí Buiséid 2018), mar a tugadh isteach le hAirteagal 1(1105) de Legge di Bilancio 2019 (Dlí Buiséid 2019), lena gceiltear a fheidhmeanna rialála ar an údarás riaracháin neamhspleách nó, in aon chás, a lena gcuirtear teorainn shuntasach leis trí leithdháileadh acmhainneachta breise atá le haistriú a bhunú trí bhíthin nós imeachta dochraideach le dámhachtain na tairisceana eacnamaíche is airde agus le rannpháirtíocht an tsealbhóra reatha?

An gá dlí an Aontais, agus go háirithe Airteagail 8 agus 9 de Threoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialála i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Creat-treoir), Airteagail 3, 5, 7 agus 14 de Threoir 2002/20/CE1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2020 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le hÚdarú), Airteagail 2 agus 4 de Threoir 2002/77/CE2 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2002 maidir le hiomaíocht sna margaí le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, le haithrisí 11 agus 20 de Chinneadh AE 2017/899 agus prionsabail na cothroime, an neamh-idirdhealaithe, cosaint na hiomaíochta agus ionchais dhlisteanacha a léiriú mar chosc ar chóras amhail an córas a tugadh isteach leis an reachtaíocht náisiúnta ábhartha (Airteagail 1(1030), (1031), (1031a), (1031b), (1032) de Legge n. 205/2017 (Dlí Uimh. 205/2017), agus le cinntí A.G.Com Uimh. 39/19/CONS, Uimh. 128/19/CONS agus Uimh. 564/2020/CONS agus na forálacha gaolmhara lena ndeonaítear cearta úsáide do sheirbhísí teilifíse digití, nach bhfuil tiontú coibhéiseach ann chun críocha ‘cearta úsáide maidir le minicíochtaí’ a thiontú ina ‘cearta úsáide don acmhainneacht tarchurtha’ ach lena forchoimeádtear cuid den acmhainn i leith nós imeachta dochraideach, lena bhforchuirtear costais bhreise ar an oibreoir chun a áirithiú go gcaomhnófar na sainchumais a fuarthas go dlisteanach le himeacht ama?

Maidir le dlí an Aontais, agus go háirithe Airteagal 8 agus Airteagal 9 de Threoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialála i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Creat-treoir), Airteagail 3, 5, 7 agus 14 de Threoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2020 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le hÚdarú), Airteagail 2 agus 4 de Threoir 2002/77/CE ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2002 maidir le hiomaíocht sna margaí le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, le haithrisí 11 agus 20 de Chinneadh AE 2017/899, le prionsabail na cothroime, an neamh-idirdhealaithe, cosaint na hiomaíochta agus ionchais dhlisteanacha, chomh maith le prionsabail na comhréireachta agus na hoiriúnachta, ar [córas] amhail an córas a tugadh isteach i bPoblacht na hIodáile le hAirteagal 1(1101) go (1108) de Legge di Bilancio 2019 (Dlí Buiséid 2019), Airteagal 1(1030), (1031), (1031a), (1031c), (1032), (1033), (1034) agus (1037) de Legge di Bilancio 2018, (Dlí Buiséid 2018), le Cinneadh 39/19/CONS (PNAF), Cinneadh 128/19/CONS agus Cinneadh 129/19/CONS ó AGCOM agus leis na forálacha gaolmhara lena ndeonaítear cearta úsáide minicíochta do sheirbhísí teilifíse digití, nach ghlactar bearta struchtúracha leo – agus fiú i gcás bearta cúiteacha neamhstruchtúracha agus/nó athchothromaithe – chun staid na héagothroime a bunaíodh roimhe seo a leigheas, déantar foráil maidir le nós imeachta a bhfuil ualach ag baint leis lena bhforchuirtear costais agus muirir bhreise ar an oibreoir agus cibé acu dlí [an Aontais] sin, ag féachaint go háirithe do phrionsabail na comhréireachta agus na leordhóthanachta, chomh maith leis na prionsabail a leagtar síos i mbreithiúnas Persidera, an gcuirtear cosc leo ar chóras amhail an córas dá dtagraítear, freisin mar gheall ar éabhlóid fhoriomlán na ‘n-aimhrialtachtaí’, na ‘saincheisteanna criticiúla’ agus neamhrialtachtaí’ an chórais sin, mar a shainaithnítear sa chásdlí náisiúnta agus fornáisiúnta dá dtagraítear san ord seo, nó an leor na bearta neamhstruchtúracha arna nglacadh ag an Údarás chun an córas a athchothromú?

____________

1     Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialála i gcomhair agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Creat-treoir) (IO 2002 L 108, lch. 33).

1     Treoir 2009/140/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 lena leasaítear Treoir 2002/21/CE maidir le comhchreat rialála i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, Treoir 2002/19/CE maidir le rochtain ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara agus maidir le hidirnasc a bheith eatarthu agus Treoir 2002/20/CE maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (IO 2009 L 337, lch. 37).

1     Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (athmhúnlú) (IO 2018 L 321, lch. 36).

1     IO 2002 L 108, lch. 21.

1     IO 2002 L 249, lch. 21.