Achomharc arna thabhairt an 6 Nollaig 2023 ag Dow Silicones Corp agus páirtithe eile i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 20 Meán Fómhair 2023 i gCásanna T-858/16 agus T-867/16 Dow Silicones Corp agus páirtithe eile v An Coimisiún
(Cás C- 752/23 P)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: Dow Silicones Corp., ar a dtugtaí Dow Corning Corp. roimhe seo; Dow Silicones Belgium, ar a dtugtaí Dow Corning Europe roimhe seo; Vinventions, ar a dtugtaí Nomacorc roimhe seo (ionadaithe: H. Gilliams, L. Goossens, advocaten)
Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:
an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar leataobh;
a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí arna dtabhú ag na hachomharcóirí maidir leis an gcás seo, agus i gcásanna T‑858/16 agus T‑867/16 a íoc; agus
Cinneadh 2016/1699 1 ón gCoimisiún, nó in aon chás, Airteagal 2 de, a chur ar neamhní.
Nó, de rogha air sin:
– an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar leataobh; agus
– an cás a chur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Tá an chéad saincheist dlí dírithe i gcoinne an chinnidh sa bhreithiúnas atá faoi achomharc gur shainigh Cinneadh 2016/1699 ón gCoimisiún an creat tagartha i gceart agus go raibh údar lena chinneadh go maolaíonn an scéim ar an gcreat tagartha.
Tá an dara saincheist dlí dírithe i gcoinne an chinnidh sa bhreithiúnas atá faoi achomharc go raibh údar le Cinneadh 2016/1699 ón gCoimisiún an scéim a mheas mar bheart roghnaitheach.
Tá an tríú saincheist dlí dírithe i gcoinne an chinnidh sa bhreithiúnas atá faoi achomharc go raibh údar leis an ordú aisghabhála, mar a léirítear i gCinneadh 2016/1699 ón gCoimisiún.
____________
1 Cinneadh (AE) 2016/1699 an 11 Eanáir 2016 maidir leis an scéim Státchabhrach um dhíolúine ó iarmhéid an bhrabúis SA.37667 (2015/C) (ex 2015/NN) arna cur chun feidhme ag an mBeilg (IO 2016, L 260, lch. 61).