Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Najwyższy (an Pholainn) a taisceadh an 6 Feabhra 2024 - X.Y.

(Cás C-96/24, Rzecznik Dyscyplinarny Sądu Najwyższego)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Najwyższy

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: X.Y.

Páirtithe eile sna himeachtaí: Rzecznik Dyscyplinarny Sądu Najwyższego, Prokuratura Krajowa

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear an dara fomhír d’Airteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 [an chéad mhír agus an dara mír] den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú mar seo a leanas:

tá sé d’oibleagáid ar an gCúirt Uachtarach náisiúnta, in imeachtaí speisialta arna dtionscnamh ag páirtí lena mbaineann trí bhíthin iarratas chun scrúdú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann breitheamh den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach, an Pholainn)(an Chúirt Uachtarach) – atá sannta don phainéal atá ag éisteacht cáis chun imeachtaí coiriúla i gcoinne breitheamh den Chúirt Uachtarach a údarú – ceanglais maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht, scrúdú a dhéanamh uaithi féin ar cé acu atá nó nach bhfuil an painéal a tarraingíodh trí chrannchur as measc bhreithiúna uile na Cúirte Uachtaraí (i gcás chun imeachtaí coiriúla i gcoinne breithimh a údarú) ina bhinse ‘a bunaíodh roimhe sin le dlí’ i gcás nach gceanglaítear leis an dlí náisiúnta ach scrúdú a dhéanamh ar shaintréithe breithiúnacha an neamhspleáchais agus na neamhchlaontachta;

má tá an t-iarratas chun scrúdú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann breitheamh den Chúirt Uachtarach na ceanglais maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht bunaithe ar an bpléadáil gur ceapadh an breitheamh atá i gceist ina phost nó ina post faoi nós imeachta ceapacháin lochtach (bunúsach), ansin ní fhéadfaidh painéal de chúigear breithiúna arna dtarraingt trí chrannchur as measc bhreithiúna uile na Cúirte Uachtaraí breithiúna den Chúirt Uachtarach a ceapadh faoin nós imeachta ceapacháin lochtach céanna a áireamh, ós rud é nach féidir painéal den sórt sin den Chúirt Uachtarach a mheas mar bhinse neamhspleách neamhchlaonta arna bhunú roimhe sin le dlí;

más rud é, i gcás chun scrúdú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann breitheamh den Chúirt Uachtarach (a shanntar do phainéal (a éisteann cás chun imeachtaí coiriúla i gcoinne breitheamh den Chúirt Uachtarach a údarú) na ceanglais maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht, gur léirigh páirtí, mar gheall ar rannpháirtíocht an bhreithimh sin i nós imeachta ceapacháin lochtach (bunúsach) i ndáil leis an bpost sin, nach gcomhlíonann an painéal roghnaithe na ceanglais a bhaineann le binse neamhspleách neamhchlaonta a bunaíodh roimhe sin le dlí, ansin chun rialú a thabhairt ar an iarratas chun scrúdú a dhéanamh an gcomhlíonann an breitheamh sin den Chúirt Uachtarach na ceanglais maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht, nach bhfuil sé riachtanach a thuilleadh scrúdú a dhéanamh ar iompar an bhreithimh tar éis é nó í a cheapadh chuig an bpost breithiúnach agus ar chineál an cháis (imeachtaí coiriúla a údarú i gcoinne breitheamh den Chúirt Uachtarach), mar a fhorordaítear leis an dlí náisiúnta, agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sé incheadaithe iarratas a dhíbhe chun scrúdú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann breitheamh den Chúirt Uachtarach na ceanglais maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht ar an ábhar nár chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil nár chuir iompar an bhreithimh sin ar fáil tar éis é nó í a cheapadh an bonn dá neamhspleáchas?

má tá an freagra ar an gceist a leagtar amach i bpointe 1(2) thuas dearfach:

An gcaithfear an dara fomhír d’Airteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 [an chéad mhír agus an dara mír] den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi go bhféadfaidh breitheamh a áirítear sa phainéal a éisteann cás chun scrúdú a dhéanamh an gcomhlíonann breitheamh (arna shannadh chun cás a éisteacht chun imeachtaí coiriúla i gcoinne breitheamh den Chúirt Uachtarach a údarú) na ceanglais maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht, ar an gcéad dul síos, iarratas a dhéanamh chun breitheamh (nó breithiúna) eile a eisiamh ón bpainéal, ar breitheamh é arna tharraingt as measc bhreithiúna uile na Cúirte Uachtaraí i gcás inar ceapadh an breitheamh sin chuig post breithimh den Chúirt Uachtarach faoi nós imeachta ceapacháin lochtach (go bunúsach) lena gcuirtear cosc ar chúirt a bhfuil sé rannpháirteach ann a mheas mar bhinse neamhspleách neamhchlaonta arna bhunú roimhe sin le dlí, agus, ar an dara dul síos, a éileamh nach n-éistfeadh breitheamh a ceapadh chuig post breithimh den Chúirt Uachtarach faoin nós imeachta ceapacháin lochtach sin iarratas den sórt sin?

Má dhéantar an t-iarratas dá dtagraítear i bpointe II den bhreithiúnas seo a dhíbhe gan tuilleadh breithnithe a dhéanamh (le hordú ón gcúirt náisiúnta), an féidir leis an mbreitheamh a rinne an t-iarratas sin diúltú caingean a thionscnamh sa chás chun scrúdú a dhéanamh an gcomhlíonann breitheamh den Chúirt Uachtarach ceanglais an neamhspleáchais agus na neamhchlaontachta, nó ar cheart dó nó di fós páirt a ghlacadh sa rialú ábhartha, agus é a fhágáil faoin bpáirtí lena mbaineann cinneadh a dhéanamh ar sáraíodh ceart an pháirtí chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an rialaithe sin ar an bhforas go n-éistfeadh cúirt leis an gcás a chomhlíonann ceanglais an dara fomhír d’Airteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 47 [an chéad mhír agus an dara mír] den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh?

An ndéantar difear do chomhdhéanamh neamhrialta an phainéil iomláin – i gcás ina scrúdaítear an gcomhlíonann breitheamh na ceanglais maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht – i gcomhthéacs an dara fomhír d’Airteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 47 [an chéad mhír agus an dara mír] den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, toisc nár ceapadh ach beirt bhreithiúna as an bpainéal cúigear breithiúna dá bpoist mar bhreithiúna den Chúirt Uachtarach faoi nós imeachta ceapacháin lochtach (bunúsach), is é sin le rá, an féidir leanúint de na himeachtaí agus rialú a thabhairt, ós rud é nach ndéanann an tsaincheist maidir le ceapachán lochtach chuig post mar bhreitheamh den Chúirt Uachtarach difear do thromlach na mbreithiúna sa phainéal roghnaithe?

____________