Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Dioikitiko Dikastirio Diethnous Prostasias (an Chipir) a taisceadh an 18 Iúil 2023 – K.A.M. v Poblacht na Cipire

(Cás C-454/23, K.A.M.)

Teanga an cháis: an Ghréigis

An chúirt a rinne an tarchur

Dioikitiko Dikastirio Diethnous Prostasias

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: K.A.M.

Cosantóir: Poblacht na Cipire

Na ceisteanna a tharchuirtear

An féidir Airteagal 14(4)(a) de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus inneachar na cosanta a thugtar (athmhúnlú),1 lena bhforáiltear go bhféadfar stádas dídeanaí a chúlghairm má tá forais réasúnacha ann lena chreidiúint gur baol é do shlándáil Stát tearmainn, a léiriú i bhfianaise fhorálacha Airteagal 78(1) CFAE, Coinbhinsiún na Ginéive i dtaobh Stádas Dídeanaithe, agus Airteagal 18 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, maidir leis an gceart chun tearmainn, sa chaoi go gceadaítear stádas dídeanaí a chúlghairm bunaithe ar iompar san am atá thart nó ar ghníomhartha líomhnaithe an dhídean lasmuigh agus roimh theacht isteach sa Stát tearmainn nach bhfuil san áireamh san iompar arb ionann é agus forais le heisiamh ó bheith ina dhídeanaí, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 1(F) de Choinbhinsiún na Ginéive i dtaobh Stádas Dídeanaithe, agus Airteagal 12 de Threoir 2011/95 maidir le heisiamh, a leagann amach go sainráite na forais ar a bhféadfar duine a eisiamh ó bheith ina dhídeanaí?

I gcás freagra dearfach [ar an gcéad cheist], an bhfuil Airteagal 14(4)(a), arna léiriú amhlaidh, ag luí le hAirteagal 18 den Chairt agus Airteagal 78(1) CFAE, lena bhforáiltear inter alia nach mór do reachtaíocht thánaisteach [an Aontais] Coinbhinsiún na Ginéive a chomhlíonadh, an clásal eisiaimh atá leagtha síos in Airteagal 1(F) den Choinbhinsiún a bheith i bhfoclaíocht uileghabhálach agus lena n-éilítear léiriú docht?

Cad é an léiriú ar an gcoincheap “contúirt do shlándáil an Stáit”, i gcomhthéacs chur i bhfeidhm Airteagal 14(4)(a) de Threoir 2011/95/AE, i bhfianaise chaighdeán an-ard an choincheapa sin, a leagtar síos in Airteagal 33(2) de Choinbhinsiún na Ginéive, agus na hiarmhairtí tromchúiseacha don dídeanaí a ndéantar a stádas a chúlghairm, agus go háirithe cibé an bhféadfadh measúnú ar an gcontúirt a bheith san Airteagal sin i ndáil le gníomhartha líomhnaithe nó iompar líomhnaithe roimh theacht isteach sa Stát tearmainn? An féidir leis an gcoincheap “contúirt do shlándáil an Stáit”, i gcomhthéacs Airteagal 14(4) [a] de Threoir 2011/95/AE, gníomhartha nó iompar ó thaobh an dídeanaí nach ndearnadh sa Stát sin a áireamh?

____________

1 IO 2011 L 337, lch. 9.