Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 6 Márta 2024 – Genmab A/S

(Cás C-181/24, Genmab)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Genmab A/S

Cosantóir: Szellemi Tulajdon Nemzeti Hivatala

An cheist a tharchuirtear:

An gcaithfear Airteagal 3(b) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 an 6 Bealtaine 2009 maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta le haghaidh táirgí íocshláinte a léiriú ar chaoi nach mór údarú margaíochta a bhí ann roimh an údarú margaíochta a luaitear san iarratas ar dheimhniú forlíontach cosanta agus ina dtagraítear don táirge céanna, a mheas mar an chéad údarú margaíochta chun críocha an Rialacháin sin, fiú i gcás inar tarraingíodh an t-údarú roimh ré siar sular cuireadh isteach an t-iarratas ar an deimhniú?

____________

1 IO 2009, L 152, lch. 1.