Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Győri Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 6 Iúil 2023 – CN v Nemzeti Földügyi Központ

(Cás C-419/23, Nemzeti Földügyi Központ)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Győri Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: CN

Cosantóir: Nemzeti Földügyi Központ

Idiragraí: GW

An cheist a tharchuirtear:

Maidir le hAirteagal 63 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an bhfuil léiriú le déanamh orthu amhail go luíonn reachtaíocht Ballstáit leis na forálacha sin, lena bhforáiltear, i ndiaidh ceart úsáide a chealú ar cláraíodh sa chlár talún go neamhdhleathach ach go bailí, go bhfuil sé de cheangal éigeantach chun an ceart sin a athchlárú chun cinneadh a thagann as imeachtaí um shárú a chur i bhfeidhm, gan imscrúdú ar dhleathacht chéad chlárú an chirt úsáide?

____________