Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Cour d’appel de Liège (an Bheilg) a taisceadh an 10 Iúil 2023 – Ministère public, Office National de Sécurité Sociale (ONSS) v EX

(Cás C-421/23, ONSS)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour d’appel de Liège

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Ministère public, Office National de Sécurité Sociale (ONSS)

Cosantóir: EX

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcaifear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004, maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta 1 a léiriú ar chaoi go bhfuil feidhm aige i gcás inar cinneadh, gan agóid tar éis a bheith déanta ag na páirtithe in aghaidh an phointe, ar an gcéad dul síos, gur brionnaíodh na teastais A1 arna dtáirgeadh, dar le húdaráis bhreithiúnacha an Stáit Óstaigh agus ar an dara dul síos, gur dealraitheach ó na himscrúduithe a rinne údaráis bhreithiúnacha an Stáit Óstaigh sin nár eisigh an t-údarás inniúil sa Stát eisiúna na teastais i gceist, in ainneoin gur íocadh ranníocaíochtaí slándála sóisialta leis an údarás sin?

Má thugtar freagra dearfach uirthi sin, an réamhriachtanas bunriachtanach é an nós imeachta idirphlé agus idir-réitigh dá bhforáiltear in Airteagal 76(6), de Rialachán Uimh.883/2004 (lena n-athchruthaítear an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 84a(3) de Rialachán (CE) Uimh.1408/71 1 ), chun a chinneadh an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le calaois a bheith ann?

Má thugtar freagraí dearfacha ar an dá cheist roimhe seo, i gcomhréir le prionsabal an toirmisc ar chalaois agus ar mhí-úsáid ceart ar prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais Eorpaigh é lena gcuirtear dualgas ar dhlíthithe cloí leis, an bhféadfadh údaráis an Stáit inar fheidhmigh na fostaithe a ngníomh neamhaird a thabhairt ar na teastais A1 sin, lena n-áirítear in éagmais a ndul ar iontaibh an nós imeachta idirphlé agus idir-réitigh, i gcás ina mbeadh drochamhras ann faoi chalaois, má léiríonn na fíorais arna gcur isteach leo le haghaidh measúnú gur táirgeadh na teastais sin mar gheall ar iompar ar thaobh an fhostóra a chinn údarás breithiúnach an Stáit Óstaigh a bheith calaoiseach.

____________

1 IO 2004, L 166, lch.1.

1 Rialachán ón gComhairle, an 14 Meitheamh 1971, maidir le scéimeanna slándála sóisialta a chur i bhfeidhm ar dhaoine fostaithe agus ar a dteaghlaigh ag gluaiseacht dóibh sa Chomhphobal (IO 1971, L 149, lch.2).