Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Najwyższy (an Pholainn) a taisceadh an 10 Iúil 2023 – T.B.

(Cás C-422/23, Daka) 1

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Najwyższy

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: T.B.

Páirtithe eile sna himeachtaí: C.B. agus D.B.

Na ceisteanna a tharchuirtear

I gcás ina bhforáiltear le dlí náisiúnta go bhféadfar breitheamh de chúirt náisiúnta na céime deiridh (breitheamh den Chúirt Uachtarach), trí chinneadh lánroghnach ó Uachtarán na Cúirte sin (Céad Uachtarán na Cúirte Uachtaraí), a cheapadh, gan a thoiliú nó a toiliú, chun suí ar feadh tréimhse socraithe in aghaidh na bliana i ndlísheomra eile den Chúirt sin a bhfuil dlínse aici chun cásanna a éisteacht a bhfuil éagsúil uathu siúd ar dhéileáil an breitheamh sin leo go dtí seo, in ionad i ndlísheomra den Chúirt sin ina bhfuil sé nó sí, i gcomhréir lena oiliúint nó lena hoiliúint agus lena réimsí inniúlachta, ina shuí nó ina suí de ghnáth, má léitear an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), a léiriú amhail go n-éilítear go mbeadh leigheas éifeachtach ag breitheamh den sórt sin, chun a neamhspleáchas agus a uathriail nó a huathriail a chosaint, i gcoinne an chinnidh sin os comhair binse neamhspleách neamhchlaonta i nós imeachta lena ndéantar ceanglais Airteagail 47 agus 48 den Chairt a chomhlíonadh?

An gá [an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt] a fhorléiriú amhail nach bhfuil cúirt na céime deiridh de chuid Ballstáit (an Chúirt Uachtarach), a bhfuil beirt bhreithiúna ar a gcomhdhéanamh de thriúir comhaltaí a bhí, gan a dtoiliú, ceaptha ag Uachtarán na Cúirte sin chun suí ar an gCúirt sin lasmuigh dá ndlísheomra baile agus chun suí i ndlísheomra atá inniúil chun an cás i dtrácht a éisteacht, agus nach raibh deis acu roimhe sin agóid a dhéanamh i gcoinne a gceapacháin os comhair binse neamhchlaonta neamhspleách i nós imeachta lena ndéantar ceanglais Airteagail 47 agus 48 den Chairt a chomhlíonadh, ina binse neamhspleách neamhchlaonta arna bhunú roimh ré le dlí agus lena dtugtar rochtain éifeachtach ar cheartas do dhaoine aonair i réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais Eorpaigh?

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.