Language of document :

Caingean arna tabhairt an 9 Márta 2023 – Meta Platforms Ireland v an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

(Cás T-129/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Meta Platforms Ireland Ltd (Baile Átha Claith, Éire) (ionadaithe: H.-G. Kamann, F. Louis, M. Braun agus A. Vallery, Dlíodóirí, P. Nolan, B. Johnston, C. Monaghan agus D. Breatnach, Aturnaetha, D. McGrath, E. Egan McGrath agus H. Godfrey, Abhcóidí)

Cosantóir: an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (BECS)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

go gcuirfí ar neamhní ina iomláine Cinneadh Ceangailteach 3/2022 ó BECS maidir leis an díospóid arna tíolacadh ag an údarás maoirseachta Éireannach i leith ó thaobh Meta Platforms Ireland Limited agus a sheirbhíse Facebook de (Airteagal. 65 RCGS) arna ghlacadha glacadh an 5 Nollaig 2022 nó, mar mhalairt rogha, go gcuirfí ar neamhní na codanna ábhartha de; agus

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear gur: sháraigh BECS a inniúlacht faoi Airteagal 65 de RGCS.

An dara saincheist dlí:, lena n-éilítear gur sháraigh BECS Airteagal 6(1)(b) de RGCS le trí léiriú ró-chúng a dhéanamh ar choincheap an riachtanais chonarthaigh agus leis an gcaighdeán mícheart dlí seo sin a chur i bhfeidhm go mícheart ar bhonn léiriú mícheart a dhéanamh ar Théarmaí Úsáide Meta Ireland.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear gur: sháraigh BECS an ceart chun dea-riaracháin a chumhdaítear in Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear gur: mhainnigh BECS gníomhú mar chomhlacht neamhchlaonta.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur: sháraigh BECS Airteagal 83 de RGCS agus bunphrionsabail éagsúla lena rialaítear socrú fíneálacha faoi RCGS.

____________