Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 22 Aibreán 2022 – CH v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

(Cás C-279/22)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: CH

Cosantóir: Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

Na ceisteanna a tharchuirtear

Ar cheart Airteagal 2 de Threoir 2013/34/AE1 a léiriú sa chiall nach gcumhdaítear cáiníocóirí ar daoine aonair príobháideacha iad ina raon feidhme, ach na cuideachtaí tráchtála agus foirmeacha gnó eile a liostaítear in iarscríbhinní I agus II den Treoir sin?

I gcás go dtugtar freagra dearfach air sin, an gciallaíonn sé sin, sa chás seo, nach bhfuil forálacha Threoir 2013/34/AE lena mbunaítear oibleagáidí infheidhme ar dhaoine aonair, is é sin le rá, nach bhfuil na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar na cuideachtaí a áirítear ina raon feidhme in-fhorghníomhaithe ar cháiníocóirí ar daoine aonair príobháideacha iad agus nach féidir iad a úsáid ina gcoinne agus a gcuid oibleagáidí cánach á n-imscrúdú?

I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an gceist roimhe seo, an mbeadh sé ag teacht le bunphrionsabail chuntasaíochta agus le cuspóir agus feidhm an cheanglais maidir le foilsiú, a bhunaítear le hAirteagail 4, 30 agus 33 de Threoir 2013/34/AE, chomh maith leis an gceart chun nós imeachta cóir, a chumhdaítear mar phrionsabal ginearálta den dlí in Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus le prionsabail bhunúsacha na deimhneachta dlíthiúla agus na comhréireachta, dá mbeadh gníomh glactha ag Riarachán Cánach Ballstáit arb é atá i gceist léi ná an difríocht chánach atá le hiompar ag cáiníocóir ar duine príobháideach é a chinneadh, bunaithe ar fhorálacha an dlí chuntasaíochta, toisc nach raibh an cáiníocóir in ann doiciméid chuntasaíochta uile de chuid cuideachta tráchtála a chur ar fáil don Riarachán Cánach, atá neamhspleách ón gcáiníocóir, chun a léiriú gur úsáid sé chun leas na cuideachta sin, mar fhostóir, na méideanna in airgead tirim a láimhseáil sé i raon feidhme a cuid oibre i gcomhréir le treoracha nó mar thoradh ar shainorduithe, agus, mar thoradh, go mbeadh an Riarachán Cánach ag cur in aghaidh an cháiníocóra na heaspa doiciméad nach gá a bheith aige nó nach raibh sé in ann iad a bheith ina sheilbh ar chúiseanna oibiachtúla, ag cur na gcúinsí san áireamh go bhfuil rochtain ag an bpobal ar na doiciméid sin mar gheall ar an dualgas atá ar na cuideachtaí na ráitis airgeadais bhliantúla a fhoilsiú?

An bhfuil sé oiriúnach forálacha Threoir 2013/34/AE a léiriú – go háirithe, a haithrisí agus a hAirteagail 4, 6, 30 agus 33 – sa chiall go gcruthaítear le comhlíonadh na n-oibleagáidí a bhunaítear sna hAirteagail sin toimhde dlí go gcomhlíonann na sonraí a bhailítear sna ráitis airgeadais bhliantúla na bunphrionsabail chuntasaíochta, go háirithe le prionsabal na fírinne agus le prionsabal an bhoinn chirt?

An mbeadh sé i gcomhréir le hAirteagail 4, 6, 30 agus 33 de Threoir 2013/34/AE, agus i gcomhréir leis an gceart chun nós imeachta cóir a chumhdaítear le hAirteagal 47 den Chairt agus le bunphrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, dá mbeadh gníomh arb é atá ann ná an Riarachán Cánach, gan diúltú don toimhde dlí a bhaineann le comhlíonadh fhorálacha Threoir 2013/34/AE agus gan imscrúdú á dhéanamh ar ábhar an dearbhaithe, gan a bheith ag glacadh leis na ráitis airgeadais bhliantúla arna bhfoilsiú ag an gcuideachta mar chruthúnas ar na sonraí a bhailíonn siad, ag cur in iúl nach leor na ráitis airgeadais sin, iontu féin, chun sonraí den sórt sin a léiriú go hiontaofa, go háirithe gur thug an cáiníocóir na méideanna a bhí acu ar ais don chuideachta, ach go bhfuil gá le hábhar doiciméadach cuntasaíochta uile na cuideachta chuige seo?

____________

1 Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).