Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 10 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Hof van Cassatie - an Bheilg) – VP CAPITAL NV v Belgische Staat
(Cás C-414/21)1
(Tarchur chun réamhrialú – Saoirse bunaíochta – Airteagail 49 agus 54 CFAE – Oifig chláraithe cuideachta a aistriú chuig Ballstát seachas an Ballstát inar ionchorpraíodh í – Aisghabháil na díluachála a taifeadadh roimh an aistriú – Díolúine – Inchomparáideacht na staideanna)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Hof van Cassatie
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: VP CAPITAL NV
Cosantóir: Belgische Staat
An chuid oibríochtúil
Ní chuirtear cosc le hAirteagal 49 CFAE ar reachtaíocht chánach náisiúnta ina láimhseáiltear méaduithe ar luach scaireanna cuideachtaí a thaifeadann cuideachta i mBallstát, tar éis a hoifig chláraithe a aistriú chuig an mBallstát sin, mar ghnóthachain chaipitiúla a chuirtear in iúl ach atá neamhréadaithe, gan a chur san áireamh an ndearna an chuideachta sin díluacháil i ndáil leis na scaireanna sin a thaifeadadh ar dháta a raibh sí ina cónaitheoir inchánach i mBallstát eile.
____________
1 IO C 368 an 13.09.2021