Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Upravno sodišče Republike Slovenije (an tSlóivéin) a taisceadh an 11 Meán Fómhair 2023 – T - 2 družba za ustvarjanje, razvoj in trženje elektronskih komunikacij in opreme d.o.o. v Agencija za komunikacijska omrežja in storitve Republike Slovenije

(Cás C-562/23, T-2)

Teanga an cháis: an tSlóivéinis

An chúirt a rinne an tarchur

Upravno sodišče Republike Slovenije

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: T - 2 družba za ustvarjanje, razvoj in trženje elektronskih komunikacij in opreme d.o.o.

Cosantóir: Agencija za komunikacijska omrežja in storitve Republike Slovenije

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An bhfuil Airteagal 49(1) agus (2) de Threoir CCLE1 soiléir, neamhchoinníollach agus beacht go leor chun go mbeidh daoine aonair in ann brath orthu in imeachtaí os comhair údaráis riaracháin náisiúnta agus cúirteanna náisiúnta?

An gcaithfear Airteagal 49(1) agus (2) de Threoir CCLE a chur i bhfeidhm freisin maidir le hathnuachan na gceart úsáide aonair sin ar RFS (speictream radaimhinicíochta) a deonaíodh sular tháinig Treoir CCLE i bhfeidhm, agus cad iad na critéir ghinearálta atá i bhfeidhm sa chás seo agus measúnú á dhéanamh ar cheart aonair a athnuachan?

Má thugtar freagra diúltach ar an dara ceist, fiafraíonn an t-iarratasóir an gá foráil Airteagal 5(2) de Threoir “an Údaraithe”1 nó an ceathrú fomhír d’Airteagal 5(2) de Threoir an Údaraithe a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar threimhse iomchuí chearta úsáide aonair RFS a deonaíodh le linn thréimhse bhailíochta Threoir an Údaraithe,2 agus is í an fhoráil sin atá sách soiléir, gan choinníoll agus beacht chun na críche sin ionas go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht fhad tréimhse úsáide aonair RFS?

Má thugtar freagra dearfach ar an tríú ceist, cad iad na critéir ba cheart a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht tréimhse cheart úsáide aonair RFS nó ar an oibleagáid í a athnuachan?

Má thugtar freagra dearfach ar Cheisteanna 1, 2 nó 3, an bhfuil sé ábhartha don chinneadh maidir leis an síneadh ama go n-eisiatar go sainráite leis an reachtaíocht náisiúnta a bheidh i bhfeidhm tráth a rachaidh an ceart sin in éag, an fhéidearthacht go mbeadh tréimhse níos faide ná 15 bliana ann?

____________

1     Treoir 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú) (IO 2018 L 321, lch. 36).

1     Treoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7. Márta 2002 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (IO 2002 L 108, lch. 21).

1     Treoir 2009/140/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 lena leasaítear Treoir 2002/21/CE, Treoir 2002/19/CE agus Treoir 2002/20/CE (IO 2009 L 337, lch. 37).