Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Eanáir 2024 – Tiendanimal v EUIPO – Salvana Tiernahrung (SALVAJE)
(Cás T-55/23)1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh SALVAJE – Focalmharc náisiúnta níos luaithe Salvana – Dóchúlacht mhearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 8(1) (b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) – Fíorúsáid an mhairc níos luaithe – Airteagal 42(2) agus (3) de Rialachán Uimh. 207/2009 (Airteagal 47 (2) agus (3) de Rialachán 2017/1001 anois))
Teanga an nós imeachta: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Tiendanimal Comercio Electronico de articulos para mascotas, SL (Malaga, an Spáinn) (ionadaithe: S. Correa Rodríguez, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: P. Villani agus V. Ruzek, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte: SALVANA Tiernahrung GmbH (Klein Offenseth-Sparrieshoop, an Ghearmáin) (ionadaithe: Wagner agus M. Kefferpütz, Dlíodóirí)
Ábhar:
Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh an Chúigiú Bord Achomhairc ó Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 7 Samhain 2022 (Cás R 2192/2021-5) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do 2) Tiendanimal Comercio Electronico de Articulos para Mascotas, SL, chun a chostais féin a íoc agus chun na costais a thabhaíonn Salvana Tiernahrung GmbH a íoc.
Íocfaidh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin.
____________
1 IO C 112, 27.3.2023.