Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Eanáir 2024 – Dexia Crédit Local v SRB

(Cás T-405/21)1

(Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Aontas Baincéireachta – Sásra Réitigh Aonair d’institiúidí creidmheasa agus do ghnólachtaí infheistíochta áirithe (SRM) – Ciste Réitigh Aonair (SRF) – Cinneadh ó BRA maidir le ranníocaíochtaí ex ante 2021 a ríomh – Oibleagáid chun cúiseanna a thabhairt – Cóir chomhionann – Prionsabal na comhréireachta – Corrlach lánroghnach BRA – Pléad neamhdhleathachta – Bunús dlí Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 – Corrlach lánroghnach an Choimisiúin)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Dexia Crédit Local (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: H. Gilliams agus J.-M. Gollier, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: J. Kerlin agus C. De Falco, Gníomhairí, agus H.-G. Kamann, F. Louis, P. Gey agus V. Del Pozo Espinosa de los Monteros, Dlíodóirí)

Idiragraithe chun tacú leis na cosantóirí: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe J. Etienne agus O. Denkov, Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe E. d’Ursel agus A. Westerhof Löfflerová, Gníomhairí), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe D. Triantafyllou agus A. Steiblytė, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinneadh SRB/ES/2021/22 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 14 Aibreán 2021 maidir le ríomh ranníocaíochtaí ex ante 2021 leis an gCiste Réitigh Aonair a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, a chur ar neamhní

An chuid oibríochtúil

Neamhnítear Chinneadh SRB/ES/2021/22 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 14 Aibreán 2021 maidir le ríomh ranníocaíochtaí ex ante 2021 leis an gCiste Réitigh Aonair a mhéid a bhaineann sé le Dexia Crédit Local;

Déantar éifeachtaí Chinneadh SRB/ES/2021/22 a choinneáil, a mhéid a bhaineann sé le Dexia Crédit Local, go dtí go dtiocfaidh cinneadh nua ó BRA lena socraítear ranníocaíocht ex ante le Ciste Réitigh Aonair na hinstitiúide sin le haghaidh na tréimhse ranníocaíochta 2021 i bhfeidhm laistigh de thréimhse réasúnta nach féidir a bheith níos faide ná sé mhí ó dháta fógartha an breithiúnais seo;

Ordaítear do BRA a chostais féin a íoc agus na costais a thabhaíonn Dexia Crédit Local a íoc;

Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa, do Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus don Choimisiún Eorpach a gcostais féin a íoc.

____________

1 IO C 338, 23.8.2021.