Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Eanáir 2024 – U. I. Lapp v EUIPO – Labkable Asia (labkable Solutions for cables)(Cás T-636/22) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘labkable Solutions for cables’ –Marcanna fíortha “LAPP KABEL STUTTGART” agus “LAPP KABEL” de chuid Aontais Eorpaigh níos luaithe, agus focalmharc “LAPP” níos luaithe –Foras coibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1) (b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: U. I. Lapp GmbH (Stuttgart, an Ghearmáin) (ionadaí: M. Ringer, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Stoyanova Valchanova agus D. Gája, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Labkable Asia Ltd (Kowloon, an tSín) (ionadaí: R. Ciullo, Dlíodóir)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh an 22 Iúil 2022 ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a chur ar neamhní agus a athchóiriú (Cás R 1894/2021-2).

An chuid oibríochtúil

Cuirtear cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 22 Iúil 2022 (Cás R 1894/2021-2) ar neamhní.

Ceadaítear cur i gcoinne chlárú marc fíortha an Aontais Eorpaigh ‘LABKABLE SOLUTIONS FOR CABLES’ a tíolacadh an 3 Eanáir 2020.

Ordaítear do EUIPO na costais arna dtabhú ag U. I. Lapp GmbH, i dteannta a chostais féin, a íoc.

Ordaítear do Labkable Asia Ltd a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 451, 28.11.2022.