Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Pesti Központi Kerületi Bíróság (an Ungáir) a taisceadh an 25 Eanáir 2022 – PannonHitel Pénzügyi Zrt v Wizz Air Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.)

(Cás C-51/22)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Pesti Központi Kerületi Bíróság

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: PannonHitel Pénzügyi Zrt

Cosantóir: Wizz Air Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.)

An cheist a tharchuirtear:

Ar cheart Airteagal 5(1)(a) agus Airteagal 8(1)(a), an chéad fhleasc, agus mír 2 de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 11 Feabhra, 2004, lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh d'aerphaisinéirí i gcás go ndiúltaítear bordáil agus cealú nó moille fada ar eitiltí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/911 a léirmhíniú sa chiall gur féidir leis an bpaisinéir a cheart a fheidhmiú go díreach i gcoinne an aeriompróra chun costas iomlán an ticéid a aisíoc ar an bpraghas ar ar ceannaíodh é, fiú nuair a bheidh an ticéad curtha in áirithe aige le cabhair ó thríú páirtí atá ag gníomhú mar idirghabhálaí, ar íoc an paisinéir praghas an ticéid leis, agus gurb é an t-idirghabhálaí a cheannaigh an ticéad ón aeriompróir agus a d’íoc [leis an dara ceann acu sin] praghas an ticéid, gan aon fhianaise gur ghníomhaigh an t-idirghabhálaí mar ghníomhaire údaraithe an aeriompróra nó gur oibreoir turasóireachta é?

____________

1 IO 2004, L 46, lch. 1.