Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 17 Eanáir 2024 – Palírna U Zeleného stromu v EUIPO – Bacardi (B42V)

(Cás T-800/22) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí cur i gcoinne – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘B42V’ – Clárú idirnáisiúnta an marc fíortha níos luaithe ‘42 Below’ – Cinneadh an Bhoird Achomhairc seasamh le héilimh an iarratasóra – Do-ghlacthacht fhollasach pháirteach – Diúltú ag an mBord Achomhairc inniúlachtaí an Rannáin Fhreasúra a fheidhmiú – Caingean is follasach go bhfuil cuid di gan aon bhunús dlí)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Palírna U Zeleného stromu a.s. (Ústí nad Labem, Poblacht na Seice) (ionadaí: J. Kindl, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Gája, Gníomhaire)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Bacardi & Co. Ltd (Meyrin, an Eilvéis)

Ábhar

Lena caingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go bunúsach, go gcuirfí ar neamhní agus go n-athrófaí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 3 Deireadh Fómhair 2022 (Cás R 1240/2021-2).

An chuid oibríochtúil

Díbhtear an chaingean toisc gur follasach go bhfuil cuid di do-ghlactha agus gur follasach go bhfuil cuid di gan aon bhunús dlí.

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 54, 13.12.2023.