Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 30 Lúnasa 2023 ag René Repasi i gcoinne Ordú na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra) an 21 Meitheamh 2023 i gCás T-628/22

(Cás C-552/23 P)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: René Repasi (ionadaithe: H.-G. Kamann, Rechtsanwalt, D. Fouquet, Rechtsanwältin, F. Kainer agus M. Nettesheim, ollúna ollscoile)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an t-ordú ó Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 21 Meitheamh 2023, Repasi v an Coimisiún (Cás T-628/22, EU:T:2023:353), a chur ar neamhní;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1214 1 a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Sáraítear leis an ordú atá faoi chonspóid, ar thaobh amháin, an ceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE agus saraítear leis, ar an taobh eile, ceart bunúsach an achomharcóra chun cosanta dlí éifeachtaí de réir Airteagal 47(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

San ordú atá faoi achomharc, diúltaíonn an Chúirt Ghinearálta go bhfuil cúram díreach i gceist maidir leis an achomharcóir de réir an ceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE agus go bhfuil locus standi aige ar an bhforas nach bhféadfaí dochar a dhéanamh do chearta líomhainte an achomharcóra mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tríd an sárú líomhainte ach go hindíreach, agus nár cheart go bhféadfadh sé a cheart rannpháirtíochta daonlathach parlaiminteach a fheidhmiú ach i gcomhthéacs nós imeachta inmheánach na Parlaiminte.

Ar an gcéad dul síos, rinneadh an critéar maidir le cúram díreach de réir an ceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE a chur i bhfeidhm go mícheart trí stádas dlí Fheisirí Pharlaimint na hEorpa a chinneadh go mícheart.

Tá ceart ag an achomharcóir faoi Airteagail 2, 10(1), 13(3) agus 14(1) CAE, arna dhaingniú trína ceart rannpháirtíochta parlaiminteach, go háirithe de réir na chéad abairte d’Airteagal 6(1) den Ionstraim Thoghcháin Dhíreach, Airteagal 2(f) de Reacht na bhFeisirí agus Airteagail 177 agus 218(1) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, mar gheall ar a stádas mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, chun páirt a ghlacadh i nós imeachta reachtach ceart. Is ceart de chuid an achomharcóra féin é an ceart sin, nach bhfuil teoranta d’imeachtaí intra-institiúideach na Parlaiminte, ach ar ceart é is féidir a agairt in imeachtaí idir-institiúideach leis an gCoimisiún. Tríd an Rialachán Tarmligthe atá faoi chonspóid a ghlacadh de bhun Airteagal 290 CFAE seachas an gnáthnós imeachta reachtach a thionscnamh faoi Airteagal 289 CFAE ar mholadh ón gCoimisiún, bhí ceart an achomharcóra faoi cheist go díreach.

Thairis sin, sáraítear an ceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE ar bhealaí eile freisin le léiriú neamhdhleathach na Cúirte Ginearálta ar an gcritéir maidir le cúram díreach. Ba cheart a mheas go ndéanfar difear díreach don achomharcóir más rud é – mar a ghlacann an Chúirt Ghinearálta leis – gur cheart a mheas go bhfuil an ceart chun páirt a ghlacadh i nós imeachta reachtach cuí nasctha le hinniúlacht reachtach na Parlaiminte nó más rud é go bhfuil sé díorthaithe ó inniúlacht reachtach na Parlaiminte agus, dá bhrí sin, nach féidir é a shárú ach leis an Rialachán Tarmligthe atá faoi thrácht. Baineann an critéar maidir le cúram díreach leis an mbeart a ndéantar gearán ina leith amháin, agus ní le ceart an achomharcóra. Bheadh sé ar neamhréir le foclaíocht, scéimre agus cuspóir an cheathrú mír d’Airteagal 263 CFAE dá nglacfaí leis nach bhfuil de chúram díreach ach sárú ar cheart díreach, i.e. ceart atá neamhdhíorthach.

Ar an dara dul síos, sáraítear leis an ordú atá faoi achomharc ceart an achomharcóra chun cosaint dlí éifeachta de réir Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha, a mhéid a bhaintear gach féidearthacht den achomharcóir é féin a chosaint i gcoinne an tsáraithe ar an gceart chun rannpháirtíochta. Níl aon chosaint dlí de réir bhrí Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha sna himeachtaí laistigh den Pharlaimint dá dtagraíonn an Chúirt Ghinearálta. Ní leigheas dlí éifeachtach í caingean na Parlaimint faoin dara mír d’Airteagal 263 CFAE, mar pháirtí a bhfuil seasamh pribhléide aige, go háirithe nuair is gá tromlach dhá thrian den Pharlaimint chun caingean a thionscnamh.

____________

1     Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha fuinnimh áirithe agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a mhéid a bhaineann le nochtadh poiblí maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin (IO 2022 L 188, lch. 1).