Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 4 Meán Fómhair 2023 ag Fertilizers Europe i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra, Comhdhéanamh Méadaithe) a tugadh an 5 Iúil 2023 i gCás T-126/21, Nevinnomysskiy Azot agus NAK “Azot” v an Coimisiún

(Cás C-554/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Fertilizers Europe (ionadaithe: L. Ruessmann agus J. Beck, Dlíodóirí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: AO Nevinnomysskiy Azot agus AO Novomoskovskaya Aktsionernaya Kompania NAK “Azot”, an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú go bhfuil an t-achomharc inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis;

breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 5 Iúil 2023 i gcás T-126/21 1 a chur ar neamhní agus an chuid eile de na héilimh ag an gcéad chéim a scor.

a ordú do na hIarratasóirí os comhair na Cúirte Ginearálta costais an Achomharcóra a íoc as an achomharc agus as an idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an tAchomharcóir ceithre shaincheist dlí.

Ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína cinneadh nach mór fianaise leordhóthanach chun údar a thabhairt le hathbhreithniú éaga a thionscnamh a bheith i láthair in iarraidh ar athbhreithniú éaga a thíolacfar faoin spriocdháta trí mhí agus ní hamháin go mbeadh a leithéid d’fhianaise i seilbh an Choimisiúin tráth a thionscnaítear athbhreithniú éaga.

Ar an dara dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí nach gceadaítear le hAirteagal 11(5), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5(3) agus le hAirteagal 5(9) den bhun-Rialachán, eolas “nua” a thíolacadh maidir le hathbhreithnithe éaga tar éis an spriocdháta trí mhí.

Ar an tríú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí gur fianaise “nua” iad na ríomhanna breise dumpála praghasbhunaithe a chur an tAchomharcóir ar fáil don Choimisiún tar éis an spriocdháta trí mhí agus nach bhféadfadh an Coimisiún brath ar an eolas sin agus cinneadh á dhéanamh aige an t-athbhreithniú éaga a thionscnamh.

Ar an gceathrú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid fhollasach measúnaithe agus rinne sí na fíorais agus an fhianaise a shaobhadh nuair a chinn sí nach léir ón bhFógra Tionscnaimh ná ó Rialachán 2020/2100 1 gur mheas an Coimisiún go raibh fianaise leordhóthanach san Athbhreithniú éaga bunaidh gur dhócha go leanfaí den dumpáil mar thoradh ar dhul in éag na mbeart.

____________

1 EU:T:2023:376.

1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2020/2100 an 15 Nollaig 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí níotráit amóiniam de thionscnamh na Rúise tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2020 L 425, lch. 21).