Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Duisburg (an Ghearmáin) a taisceadh an 13 Meitheamh 2023 – HT v Mercedes-Benz Group AG

(Cás C-371/23)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Duisburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: HT

Cosantóir: Mercedes-Benz Group AG

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    An féidir le comhpháirt de thógáil feithicle lena gcinntear teocht, luas feithicle, luas innill (ISN), giar tras-seolta, folús san iolrachán nó paraiméadair eile chun paraiméadair an phróisis dócháin san inneall a mhodhnú ag brath ar thoradh an chinnidh sin, éifeachtacht an chórais rialaithe astaíochta a laghdú de réir bhrí Airteagal 3(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 1 , agus, dá bhrí sin, an feiste sáraithe é de réir bhrí Airteagal 3(10) den Rialachán sin, más rud é, ar thaobh amháin, go méadaíonn an t-athrú ar pharaiméadair an phróisis dócháin mar thoradh ar chinneadh na comhpháirte de thógáil astaíochtaí substainte díobhálaí áirithe, mar shampla ocsaídí nítrigine, ach ar an taobh eile, go laghdaíonn sé ag an am céanna astaíochtaí substainte díobhálaí eile, amhail ábhar cáithníneach, hidreacarbóin, aonocsaíd charbóin, meatán agus/nó dé-ocsaíd charbóin?

2.    Más freagra dearfach a thabharfar ar cheist 1: Cad iad na coinníollacha faoina bhfuil an chomhpháirt tógála ina fheiste sáraithe i gcás den sórt sin?

3.    An féidir le lasc nó rialaitheoir a chuirtear i bhfeithicil, a mhéadaíonn, trí pharaiméadair an phróisis dócháin a athrú, ar thaobh amháin, astaíochtaí substainte díobhálaí áirithe, mar shampla ocsaídí nítrigine, ach ar an taobh eile, a laghdaíonn ag an am céanna astaíochtaí substainte díobhálaí amháin nó níos mó eile, amhail ábhar cáithníneach, hidreacarbóin, aonocsaíd charbóin, meatán agus/nó dé-ocsaíd charbóin, a bheith mídhleathach faoi dhlí AE, ar fhorais seachas feiste sáraithe a bheith ann de réir bhrí Airteagal 3(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007?

4.    Más freagra dearfach a thabharfar ar cheist 3: Cad iad na coinníollacha faoina bhfuil sé seo?

5.    Más freagra dearfach a thabharfar ar cheist 1: An gceadaítear le pointe (a) den dara habairt d’Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 feiste sáraithe de réir bhrí Airteagal 3(10) den Rialachán sin fiú mura gá leis an bhfeiste sin chun an t-inneall a chosaint ar dhamáiste nó ar thionóisc, ach mar sin féin is gá leis chun oibriú sábháilte na feithicle a áirithiú?

6.    Más freagra dearfach a thabharfar ar cheist 1: Maidir le forálacha dlí náisiúnta lena gceanglaítear, sa díospóid leis an tógálaí maidir le héileamh ar chúiteamh, go hiomlán ar cheannaitheoir feithicle a rinne an t-éileamh sin a chruthú go bhfuil feiste sáraithe ann de réir bhrí Airteagal 3(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, agus thairis sin freisin a chrúthú nach bhfuil imthosca ann ar a mbonn a bhfuil feiste sáraithe inghlactha mar eisceacht faoi phointe (a) den dara habairt d’Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, gan a bheith ar thógálaí na feithicle faisnéis a sholáthar ina leith sin agus an cás á imscrúdú, an sáraítear leo Airteagal 18(1), Airteagal 26(1) agus Airteagal 46 de Threoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 1 , dá dtagraítear i mbreithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 21 Márta 2023 (C-100/21), a mhéid a bhaineann sé leis na forálacha deireanacha sin nach mór do cheannaitheoir mótarfheithicle a bheith i dteideal cúitimh is iníoctha ag an dtógálaí i gcás ina suiteáiltear feiste sáraithe toirmiscthe ann (féach míreanna 91 agus 93 den bhreithiúnas sin)?

7.    Más freagra dearfach a thabharfar ar cheist 6: Cad é an leithdháileadh dualgas cruthúnais dá bhforáiltear sa dlí AE maidir le díospóid idir ceannaitheoir feithicle agus a thógálaí maidir le héileamh ar chúiteamh ón gcéad duine acu sin i leith an duine deiridh sin mar gheall ar fheiste sáraithe a bheith ann de réir bhrí Airteagal 3(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, agus mar gheall ar staid fhíorasach a bheith ann a bhfuil údarú eisceachtúil ar a bhonn faoi phointe (a) den dara habairt d’Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007? An mbaineann gach páirtí leas as laghduithe ar an dualgas cruthúnais agus, más amhlaidh atá, cé acu cinn, nó an bhfuil sé de dhualgas orthu tionscnaimh a ghlacadh agus, más amhlaidh atá, cé acu cinn? Má tá sé de dhualgas orthu tionscnaimh a ghlacadh: cad iad na hiarmhairtí mura ndéantar amhlaidh?

8.    Más freagra dearfach a thabharfar ar cheist 3: Maidir le forálacha dlí náisiúnta lena gceanglaítear, sa díospóid leis an tógálaí maidir le héileamh ar chúiteamh, go hiomlán ar cheannaitheoir feithicle a rinne an t-éileamh sin a chruthú go bhfuil lasc nó rialaitheoir neamhdhleathach ann ar fhoras seachas go bhfuil feiste sáraithe ann de réir bhrí Airteagal 3(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, gan ceangal a bheith ar thógálaí na feithicle faisnéis a sholáthar ina leith sin agus an cás á imscrúdú, an sáraítear leo Airteagal 18(1), Airteagal 26(1) agus Airteagal 46 de Threoir 2007/46/CE, dá dtagraítear i mbreithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 21 Márta 2023 (C-100/21), a mhéid a leanann sé ó na forálacha deiridh sin nach mór do cheannaitheoir mótarfheithicle a bheith i dteideal cúitimh is iníoctha ag an dtógálaí i gcás ina suiteáiltear feiste sáraithe toirmiscthe ann (féach míreanna 91 agus 93 den bhreithiúnas sin)?

9.    Más freagra dearfach a thabharfar ar cheist 8: Cad é an leithdháileadh dualgas cruthúnais dá bhforáiltear sa dlí AE maidir le díospóid idir ceannaitheoir feithicle agus a thógálaí maidir le héileamh ar chúiteamh ón gcéad duine acu sin i leith an duine deiridh sin mar gheall ar fheiste sáraithe a bheith ann de réir bhrí Airteagal 3(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007? An mbaineann gach páirtí leas as laghduithe ar an dualgas cruthúnais agus, más amhlaidh atá, cé acu cinn, nó an bhfuil sé de dhualgas orthu tionscnaimh a ghlacadh agus, más amhlaidh atá, cé acu cinn? Má tá sé de dhualgas orthu tionscnaimh a ghlacadh: cad iad na hiarmhairtí mura ndéantar amhlaidh?

____________

1     Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, lch. 1).

1     Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat le haghaidh mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe d’fheithiclí den sórt sin (Creat-Treoir) (IO 2007 L 263, lch. 1).