Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Erfurt (an Ghearmáin) arna taisceadh an 3 Eanáir 2022 - HK v Allianz Lebensversicherungs AG

(Cás C-2/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Erfurt

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: HK

Cosantóir: Allianz Lebensversicherungs AG

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcuireann dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 31 den tríú Treoir maidir le hárachas saoil 1 agus Airteagal 15(1) den dara Treoir maidir le hárachas saoil 2 , i gcomhar, más iomchuí, le hAirteagal 38 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, bac ar reachtaíocht náisiúnta i gcás nach gcuirfear, faoin reachtaíocht sin, faisnéis tomhaltóirí iomlán in iúl ach amháin i ndiaidh don tomhaltóir iarratas a dhéanamh, is é sin le rá, ach amháin leis an bpolasaí árachais (“an múnla polasaí”)?

Más freagra dearfach a gheofar ar an gceist sin: An gciallaíonn sé sin, leis féin, go bhfuil ceart ag tomhaltóir agóid a dhéanamh, eadhon, ceart an conradh árachais a fhreaschur?

An bhféadfaí cur i gcoinne ceart den sórt sin trí fhorghéilleadh nó drochúsáid ceart a phléadáil nó an bhfuil teorainn eile ann, ar nós teorainn ama, a bhaineann lena fheidhmiú?

Maidir le hárachóir nár thug aon fhaisnéis nó nár thug ach faisnéis mhíchruinn don tomhaltóir maidir lena cheart chun agóid a dhéanamh, an bhfuil cosc air forghéilleadh, drochúsáid ceart nó imeacht aimsire a mhaíomh i gcoinne na gceart atá ag an tomhaltóir dá bharr sin, lena n-áirítear, go háirithe, an ceart chun agóid a dhéanamh?

Maidir le hárachóir nár chuir aon fhaisnéis tomhaltóirí ar fáil nó nár chuir ach faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn ar fáil don tomhaltóir, an bhfuil cosc air forghéilleadh, drochúsáid cearta nó imeacht aimsire a mhaíomh i gcoinne na gceart atá ag an tomhaltóir dá bharr sin, lena n-áirítear, go háirithe, an ceart chun agóid a dhéanamh?

____________

1 (IO 1992 L 360, lch. 1).

1 Dara Treoir 90/619/CEE ón gComhairle an 8 Samhain 1990 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le hárachas díreach (árachas saoil) agus lena leagtar síos forálacha chun feidhmiú éifeachtach na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a éascú agus lena leasaítear Treoir 79/267/CEE (IO 1990 L 330, lch. 50).