Caingean arna tabhairt an 18 Nollaig 2023 – Glashütter Uhrenbetrieb/EUIPO (Glashütte ORIGINAL)
(Cás T-1163/23)
Teanga an cháis: an Fhraincis.
Páirtithe
Iarratasóir: Glashütter Uhrenbetrieb GmbH - Glashütte/Sa. (Glashütte, an Ghearmáin) (ionadaí: D. von Schultz, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Glashütte ORIGINAL – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 727 034
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 29 Meán Fómhair 2023 i gcás R 773/2023-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, a mhéid a diúltaíodh leis don iarratas ar thrádmharc Uimh. 18 727 034, eadhon i leith na n-earraí agus na seirbhísí in Aicmí 9, 35 agus 41;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________