Language of document :

Caingean arna tabhairt an 18 Iúil 2023 – Evroins inshurans grup v ÚEÁPC

(Cás T-416/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Evroins inshurans grup AD (Sóifia, an Bhulgáir) (ionadaithe: A. Morogai, F. Giurgea agus H. Drăghici, Dlíodóirí)

Cosantóir: An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta cinneadh a eisiúint lena suitear:

gur ghníomhaigh ÚEÁPC ultra vires a mhéid gurb é atá i gceist ná a ról i dtionscnamh, dréachtú agus eisiúint mheasúnú ÚEÁPC ar luacháil forálacha teicniúla comhlána agus glana an athárachais ar phunann an dliteanais mótair tríú páirtí ag Euroins Romania Asigurare - Reasigurare SA (EIOPA-23-149) an 28 Márta 2023 (‘Tuarascáil ÚEÁPC’) san áireamh iontu;

gur sháraigh ÚEÁPC cearta Evroins inshurans grup (‘Euroins’) agus Euroins Romania Asigurare-Reasigurare SA (‘Euroins Romania’) agus gur ghníomhaigh sé go hiomarcach idirdhealaitheach, gan seasamh Euroins Romania a iarraidh i ndáil le cinntí Thuarascáil ÚEÁPC agus gan rochtain ar Thuarascáil ÚEÁPC féin a dheonú do Euroins Romania;

gur sháraigh ÚEÁPC prionsabail na comhréireachta, an neamhspleáchais, na hoibiachtúlachta agus na trédhearcachta le Tuarascáil ÚEÁPC a cheilt ar Euroins agus ar Euroins Romania; agus

go gcuirtear Tuarascáil ÚEÁPC ar neamhní ó dháta a heisithe ar aghaidh.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur ghníomhaigh ÚEÁPC ultra vires agus Tuarascáil ÚEÁPC á tionscnamh, á dréachtú agus á heisiúint aige:

Rinneadh cumhachtaí ÚEÁPC mar a bhunaítear iad faoi Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 a shárú ar eisiúint Thuarascáil ÚEÁPC, ós rud é nach bhforáiltear le Rialachán Uimh. 1094/2010 do bhunús dlí ná do chumhachtaí rialáilte le tionscnamh agus déanamh measúnaithe dá chuid féin ag ÚEÁPC ar fhorálacha teicniúla comhlána agus glana an athárachais ar phunann an dliteanais mótair tríú páirtí ag cuideachta árachais, ar cuideachta árachais í atá ag gníomhú i mBallstát an Aontais, ná do chumhachtaí rialaithe chun an méid sin a thionscnamh agus a dhéanamh, agus ós rud é nach bhforáiltear leis do thuarascáil a eisiúint amhail Tuarascáil ÚEÁPC lena leagtar amach cinntí a leithéide de mheasúnú;

Sháraigh ÚEÁPC a chumhachtaí rialáilte agus a inniúlacht faoi Rialachán Uimh. 1094/2010 trí thabhairt faoi mheasúnaithe ar fhorálacha teicniúla comhlána agus glana an athárachais do Euroins Romania Asigurare - punann an dliteanais mótair tríú páirtí ag Reasigurare SA agus trí Thuarascáil ÚEÁPC a eisiúint, ó tharla go bhforchoimeádtar cumhachtaí dá leithéidí sin d’údaráis mhaoirseachta náisiúnta, i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 .

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh ÚEÁPC forálacha Rialachán Uimh. 1094/2010, forálacha Threoir 2009/138 agus forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 1 ón gCoimisiún agus prionsabail na comhréireachta, na córa comhionainne, an neamhspleáchais, na hoibiachtúlachta agus na trédhearcachta ar eisiúint Tuarascáil ÚEÁPC:

rinne ÚEÁPC an measúnú ar na forálacha teicniúla comhlána agus glana an athárachais ar phunann an dliteanais mótair tríú páirtí ag Euroins Romania gan cead a thabhairt don chuideachta árachais lena mbaineann – i.e. Euroins Romania – baint a bheith aici lena leithéid de mheasúnú, sonraí teicniúla agus airgeadais cothroma le dáta, iomlána, cruinne atá de dhíth ar a leithéid de mheasúnú a sholáthar do ÚEÁPC, nó tráchtanna a sholáthar ar chinntí mheasúnú ÚEÁPC arna bhfáil i dTuarascáil ÚEÁPC nó roimh eisiúint Thuarascáil ÚEÁPC ach go háirithe;

Rinne ÚEÁPC rochtain ar Thuarascáil ÚEÁPC a cheilt ar Euroins agus ar Euroins Romania bíodh is gur thug sé cead an Tuarascáil ÚEÁPC chéanna a nochtadh i gcúirteanna dlí na Rómáine;

ní raibh aon chás éigeandála ba chionsiocair le heisiúint Thuarascáil ÚEÁPC mar a rialáiltear le hAirteagal 18 de Rialachán Uimh. 1094/2010 agus bhí sí as cuimse mar sin;

déantar idirdhealú ar Euroins Romania trí Thuarascáil ÚEÁPC, i gcomparáid le cuideachtaí árachais eile sa Rómáin agus i mBallstáit eile;

Foráiltear le Tuarascáil ÚEÁPC d’éagóir a dhéanamh ar Euroins Romania gan an deis a thabhairt dó cinntí ÚEÁPC a aithint agus a mheasúnú agus aghaidh a thabhairt orthu;

Eisíodh Tuarascáil ÚEÁPC de shárú ar oibleagáidí ÚEÁPC: ‘arbatráiste rialála a sheachaint agus coinníollacha comhionanna iomaíochta a chur chun cinn’, ‘cóineasú na maoirseachta sa mhargadh inmheánach ina iomláine a fheabhsú’ agus ‘a chinntiú go gcaitear go cothrom leis na páirtithe leasmhara go léir’ mar a rialáiltear le hAirteagal 1(6) de Rialachán Uimh. 1094/2010.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur baineadh míúsáid as cumhachtaí ÚEÁPC le Tuarascáil ÚEÁPC a eisiúint:

(i) gan Euroins Romania a chur ar an eolas faoin gcaoi ina bhfuil an measúnú ag dul ar aghaidh ag aon chéim de, (ii) gan an deis a thabhairt do Euroins Romania sonraí/tráchtanna/eolas srl. a sholáthar do ÚEÁPC le linn an mheasúnaithe, agus (iii) trí chead a thabhairt Tuarascáil ÚEÁPC a nochtadh i gcúirteanna dlí, thug ÚEÁPC cúnamh d’Údarás Maoirseachta Airgeadais na Rómaine le himscrúdú claonta mídhleathach a dhéanamh ar Euroins Romania agus leis an eintiteas sin a dhíbirt ó mhargadh árachais na Rómáine i ndeireadh na dála;

Níl na haidhmeanna atá le deonú cumhachtaí maoirseachta do ÚEÁPC faoi CFAE agus Rialachán Uimh. 1094/2010 ag teacht le cuspóir iarbhír agus toradh Thuarascáil ÚEÁPC – i.e., cúnamh a thabhairt d’Údarás Maoirseachta Airgeadais na Rómáine le himscrúdú mídhleathach claonta a dhéanamh ar Euroins Romania, cead a thabhairt dá nochtadh i gcúirteanna agus teorainn a chur i ndeireadh na dála le ceart Euroins Romania chun measúnú cothrom ar a fhíor-staid airgeadais agus chun triail chóir a fháil.

____________

1 Rialachán (AE) Uimh. 1094 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO 2010 L 331, lch. 48).

1 Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (athmhúnlú) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

1 Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena ndéantar forlíonadh ar Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II) (IO 2015 L 12, lch. 1).