Caingean arna tabhairt an 15 Nollaig 2023 – deluxe holding v EUIPO – Piffany Copenhagen (Coinnle leictreacha)
(Cás T-1158/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: deluxe holding ApS (Kolding, an Danmhairg) (ionadaí: J. Løje, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Piffany Copenhagen ApS (Helsinge, an Danmhairg)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Dearadh atá faoi cheist: Dearadh Comhphobail Uimh. 7 745 252-0001 (Coinnle leictreacha)
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi cheist: Cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 9 Deireadh Fómhair 2023 i gCás R 810/2022-3
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
de rogha air sin, an cás a tharchur ar ais go dtí an Bord Achomhairc;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí
Sárú ar Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle;
Ráiteas mícheart ar fhíorais atá aitheanta go maith;
Sárú ar Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle.
____________