Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Feabhra 2024 – Passalacqua v an Coimisiún

(Cás T-318/22) 1

(An tseirbhís shibhialta – Oifigigh – Ardú céime – Nós imeachta bliantúil um ardú céime 2021 – Cinneadh gan an t-iarratasóir a ardú go grád AD 11 – Airteagal 45 de na Rialacháin Foirne – Riail maidir le comhréireacht – Scrúdú ar bhuanna comparáideacha – Oibleagáid cúiseanna a lua – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Mí-úsáid cumhachtaí – Dliteanas – Damáiste ábhartha agus neamhábhartha)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Roberto Passalacqua (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaí: G. Belotti, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Brauhoff agus L. Hohenecker, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 270, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach gan é a ardú go grád AD 11 trí nós imeachta bliantúil um ardú céime 2021, (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’), an cinneadh ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2022 lena ndiúltaítear gearán Uimh. R/620/21 agus an cinneadh ón gCoimisiún na hoifigigh a cuireadh san áireamh ar liosta na n-oifigeach a fuair ardú céime go grád AD 11 le haghaidh nós imeachta um ardú céime 2021 a chur ar neamhní agus, ar an dara dul síos, mar mhalairt ar sin, cúiteamh a dhámhachtain, as damáistí a líomhnaítear a d’fhulaing sé a eascraíonn as an gcinneadh atá faoi chonspóid agus as cinneadh a bhainisteoirí céimlathacha gan an leagan iomlán den chur i láthair a tugadh le linn an chruinnithe comhchéime a eagraíodh an 14 Eanáir 2021 a fhoilsiú.

An chuid oibríochtúil

Díbhtear an chaingean.

Ordaítear go n-íocfaidh Roberto Passalacqua na costais.

____________

1     IO C 276 an 18.7.2022.