Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Feabhra 2024 – BIW Invest v EUIPO – New Yorker Marketing & Media International (COMPTON)

(Cás T 746/22) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Focalmharc COMPTON – Dearbhfhorais neamhbhailíochta – Easpa tuairisciúlacht – Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) – Saincháilíocht – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(b) de Rialachán 2017/1001 anois)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: BIW Invest AG (Appenzell, an Eilvéis) (ionadaithe: E. Mielke, U. Stelzenmüller agus J. Weiser, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Nicolás Gómez, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: New Yorker Marketing & Media International GmbH (Braunschweig, an Ghearmáín) (ionadaithe: M. Hartmann, S. Fröhlich agus H. Lerchl, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 16 Meán Fómhair 2022 (Cás R 1915/2021-2) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)    Cuirtear Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh an 16 Meán Fómhair 2022 (Cás R 1915/2021-2) ar neamhní.

2)    Ordaítear do EUIPO agus New Yorker Marketing & Media International GmbH, chomh maith lena gcostais féin, leath de na costais arna dtabhú ag BIW Invest AG, lena n-áirítear na costais riachtanach chun críocha na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, a íoc.

____________

1     IO C 24, 23.1.2023.