Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Márta 2024 – VF International v EUIPO – Super Brand Licencing (GEOGRAPHICAL NORWAY EXPEDITION)

(Cás T-639/22) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh GEOGRAPHICAL NORWAY EXPEDITION – Dearbhfhoras neamhbhailíochta – Meon mímhacánta – Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) – Foras coibhneasta le neamhbhailíocht – Damáiste do cháil – Airteagal 8(5) agus Airteagal 53(1)(a) de Rialachán Uimh. 207/2009 (Airteagal 8(5) agus Airteagal 60(1)(a) de Rialachán 2017/1001 anois))

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: VF International Sagl (Stabio, an Eilvéis) (ionadaí: Y. Bizollon, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaí: V. Ruzek, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Super Brand Licencing SAS (Villeurbanne, an Fhrainc) (ionadaithe: T. de Haan agus A. Sion, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 23 Lúnasa 2022 (Cás R 124/2022-4).

An chuid oibríochtúil

Cuirtear an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 23 Lúnasa 2022 (Cás R 124/2022-4) ar neamhní.

Ordaítear do EUIPO agus do Super Brand Licencing SAS a gcostais féin, chomh maith le leath de na costais arna dtabhú ag VF International Sagl, a íoc.

____________

1     IO C 463, 5.12.2022.