Caingean arna tabhairt an 2 Feabhra 2022 – Granini France v EUIPO - Pichler (Joro)
(Cás T-68/22)
An teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis
Páirtithe sna himeachtaí
Iarratasóir: Granini France (Mâcon, an Fhrainc) (ionadaí: J. Wachsmuth, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Josef Pichler (St. Leonhard in Passeier, an Iodáil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir ar an trádmharc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhord Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú an fhocalmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh “Joro” – Uimhir chláraithe 18 136 261
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 8 Samhain 2021 i gCás R 2336/2020-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta,
an cinneadh atá faoi chonspóid a leasú, ionas go ndéanfar an cinneadh ón Rannán Freasúra an 19 Samhain 2020 a chur ar neamhní a mhéid is a diúltaíodh don chur i gcoinne maidir leis na hearraí
Licéar ginsinge; Licéar Seapánach arna bhlaistiú le húisc phluma Sheapánaigh; Licéar ginsinge deirge; Licéar d’eorna gan chrotal; Licéar íce arna bhlaistiú le húisc phluma Sheapánaigh [Umeshu]; Cumaisc mhanglaim alcólacha; Manglaim alcólacha ina bhfuil bainne; Manglaim alcólacha i bhfoirm geilitín fuaraithe; Deochanna alcólacha de mhanglam torthaí; Deochanna alcólacha torthaí; Deochanna alcólacha lena bhfuil bonn tae; Deochanna alcólacha measctha, seachas deochanna beoirbhunaithe; Deochanna alcólacha measctha roimh ré; Greadóga; Fíon milis Seapánach ina bhfuil úsc as ginsing agus as rúsc sinceaóna; Fíon de shútha craobh dubha [Bokbunjaju]; Deochanna alcólacha ina bhfuil ábhar torthaí; Oigheardheochanna fíona [Deochanna]; Úisc torthaí alcólacha
agus an t-iarratas ar thrádmharc Uimh. 18 136 261 do na hearraí sin a dhiúltú freisin;
de rogha air sin, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________