Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 24 Bealtaine 2023 – Granini France v EUIPO – Pichler (Joro)
(Cás T-68/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “Joro” – Focalmharc náisiúnta níos luaithe “JOKO” – Dearbhfhoras le diúltú – Riosca mearbhaill – Cosúlacht táirge – Airteagal 8(1)(b) de Rialacháin (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Granini France (Mâcon, an Fhrainc) (ionadaí: J. Wachsmuth, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: T. Klee agus D. Gája, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Josef Pichler (San Leonardo in Passiria, an Iodáil)
Maidir le:
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 8 Samhain 2021 (Cás R 2336/2020-1) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Cinneadh an Chéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 8 Samhain 2021 (Cás R 2336/2020-1) a chur ar neamhní;
Diúltaítear don chuid eile den chaingean.
Ordaítear do EUIPO na costais a íoc.
____________
1 IO C 128, 21.3.2022.