Language of document :

Caingean arna tabhairt an 29 Feabhra 2024 – CR v an Coimisiún

(Cás T-131/24)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: CR (ionadaí: S. Orlandi, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh an 4 Bealtaine 2023, lena socraítear fógra cinnidh de chearta pinsin an iarratasóra, a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún Eorpach na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir príomhsaincheist dlí amháin agus modh malartach amháin.

Mar phríomh-saincheist, maíonn an t-iarratasóir sárú ar raon feidhme na bhforálacha den chóras idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagail 21, 22 agus 28 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (‘na Rialacháin Foirne’).

Maidir le cásdlí a bhaineann le raon feidhme Airteagail 21, 22 agus 28 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus Airteagal 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh le rún do chearta faighte agus d’ionchais dhlisteanacha ‘na foirne’ a chosaint tráth an athchóirithe, ní féidir Airteagal 28 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis na Rialacháin a léiriú ach amháin le rún an cás tréimhsí leantacha cleamhnachta leis an scéim pinsin a rialú, mar chomhalta den fhoireann shealadach nó ar conradh, ansin mar oifigeach, i gcás ina raibh briseadh sna tréimhsí cleamhnachta . É sin ráite, ní raibh an t-iarratasóir ‘fillte ar ais chun na hoibre’ nuair a cheaptar í mar oifigeach, ach ní dhearna sí ach na gníomhaíochtaí céanna fad is a raibh sí cleamhnaithe leis an scéim pinsin céanna, a bhí comónta idir comhaltaí den fhoireann shealadach, ar conradh agus na hoifigigh.

De rogha air sin, ardaíonn an t-iarratasóir pléadáil neamhdhleathachta i gcoinne Airteagal 28 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis na Rialacháin.

____________