Caingean arna tabhairt an 16 Feabhra 2024 – Košovan v EUIPO – Volkswagen (Voltwagen)
(Cás T-87/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Štefan Košovan (Preseľany, an tSlóvaic) (ionadaí: A. Bělohlávek, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Volkswagen AG (Wolfsburg, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Voltwagen – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 198 314
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ó Cheathrú Bord Achomhairc EUIPO an 13 Nollaig 2023 i gCás R 2216/2022-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a athrú a mhéid a chuir sé cinneadh an Rannáin Fhreasúra ar neamhní agus a mhéid a sheas sé leis an bhfreasúra i gcás na seirbhísí in Aicme 37 a shonraítear i bpointe 1 den chuid mhídhiúltach den chinneadh atá faoi chonspóid agus a mhéid a dhearbhaíonn sé cinneadh an Rannáin Fhreasúra ina iomláine;
a ordú don pháirtí eile sna himeachtaí costais na n-imeachtaí os comhair EUIPO a íoc;
a ordú do EUIPO agus, de réir mar a bheidh, don pháirtí eile sna himeachtaí na costais a tabhaíodh sna himeachtaí reatha a íoc;
Mar mhalairt air sin, ba cheart don Chúirt an méid seo a leanas a dhéanamh:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a chuir sé cinneadh an Rannáin Fhreasúra ar neamhní agus a mhéid a sheas sé leis an bhfreasúra i gcás na seirbhísí in Aicme 37 a shonraítear i bpointe 1 den chuid dhiúltach den chinneadh atá faoi chonspóid;
a ordú do EUIPO agus, de réir mar a bheidh, don pháirtí eile sna himeachtaí na costais a tabhaíodh sna himeachtaí reatha a íoc;
an cás a tharchur ar ais chuig EUIPO a mhéid a chuirtear an cinneadh atá faoi chonspóid ar neamhní.
Saincheisteanna dlí
Sárú ar Airteagal 54(1)(a) de Rialacha Nós Imeachta na mBord Achomhairc i dtaca le hAirteagal 27(4) agus Airteagal 95(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________