Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht München I (an Ghearmáin), a taisceadh an 17 November 2023 – HUK-COBURG Haftplicht-Unterstützungs-Kasse kraftfahrender Beamter Deutschlands a.G. in Coburg v Check24 Vergleichsportal GmbH agus páirtithe eile

(Cás C-697/23, HUK-COBURG Haftplicht-Unterstützungs-Kasse)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht München I

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: HUK-COBURG Haftplicht-Unterstützungs-Kasse kraftfahrender Beamter Deutschlands a.G. in Coburg

Cosantóirí: Check24 Vergleichsportal GmbH, CHECK24 Vergleichsportal für Kfz-Versicherungen GmbH, CHECK24 Vergleichsportal für Sachversicherungen GmbH, CHECK24 Vergleichsportal für Krankenversicherungen GmbH, CHECK24 Vergleichsportal für Vorsorgeversicherungen GmbH, CHECK24 Vergleichsportal für Versicherungsprodukte GmbH

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 4(c) de Threoir 2006/114/CE 1 le léiriú sa chaoi gur féidir na coinníollacha le haghaidh fógraíocht incheadaithe chomparáide faoin bhforáil sin a chomhlíonadh, má dhéantar an chomparáid trí chóras marcála nó pointí?

____________

1 Treoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le fógraíocht mhíthreorach agus chomparáideach (leagan comhdhlúite) (IO 2006 L 376, lch. 21).