Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado de Primera Instancia nº 19 de Barcelona (an Spáinn) a taisceadh an 14 Samhain 2023 – Encarna v Elías

(Cás C-683/23, Encarna)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado de Primera Instancia nº 19 de Barcelona

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Encarna

Cosantóir: Elías

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An sáraítear Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 1 trí shonraí pearsanta na bpáirtithe, chomh maith le sonraí pearsanta leanaí agus déagóirí a thabhairt ag an gcúirt don chomhordaitheoir tuismitheoireachta agus le húdaras a thabhairt uaithi chun rochtain a fháil ar a sonraí pearsanta arna bpróiseáil i gcartlanna tríú páirtithe (lena n-áirítear cartlanna sláinte), gan aon fhoráil dlí nó rialála a bheith ann?

I gcás ina bhfuil cead ag cúirt sonraí pearsanta na bpáirtithe, leanaí agus déagóirí a thabhairt uaithi, an sáraítear Airteagal 16 CFAE agus Airteagail 7 (meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh), 8 (Cosaint sonraí pearsanta) agus 52 (raon feidhme na gcearta agus na bprionsabal agus léiriú a dhéanamh orthu) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh leis na sonraí sin a thabhairt don chomhordaitheoir tuismitheoireachta?

An bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 i ndáil le hAirteagal 24 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh sonraí a thabhairt don chomhordaitheoir tuismitheoireachta gan an leanbh a éisteacht roimh ré ar an tsaincheist agus gan barr leasa an linbh a chur san áireamh?

An sáraítear Airteagal 48(1) de Choinbhinsiún Iostanbúl lena gcuirtear cosc ar dhul i muinín bearta riachtanacha chun réitigh mhalartaigh díospóidí, i ndáil le hAirteagail 7 agus 24 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, trí shonraí an linbh a thabhairt don chomhordaitheoir tuismitheoireachta chun cinntí a dhéanamh lena ndéanfaí difear d’fheidhmiú freagracht tuismitheoirí agus/nó do chaomhnóireacht agus/nó do shocruithe cuartaíochta, i gcásanna ina bhfuil foréigean ann?

I gcás ina bhfuil cead ag cúirt sonraí pearsanta na bpáirtithe a thabhairt uaidh agus, de dheasca iad a thabhairt uaidh, an bhfuil sé ar neamhréir le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil) gur gá do na páirtithe táillí an chomhordaitheora tuismitheoireachta chumhdach toisc go n-ordaíonn cúirt a leithéid, fiú i gcás ina ndeonaítear cúnamh dlí saor in aisce dóibh?

____________

1 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119).