Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Napoli (an Iodáil) a taisceadh an 17 Feabhra 2022 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh CU

(Cás C-112/22)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale di Napoli

Páirtí sna príomhimeachtaí

CU

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 18 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 45 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 492/11,1 Airteagal 11(1)(d) de Threoir (AE) 2003/109,2 Airteagal 29 de Threoir (AE) 2011/95,3 Airteagal 34 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 30 agus 31 de Chairt Shóisialta na hEorpa ó Chomhairle na hEorpa, ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá in Airteagal 7(1) de Dhlí Foraithne Uimh. 4 an 28 Eanáir 2019 arna thrasuí sa dlí agus arna leasú le Dlí Uimh. 26 an 28 Márta 2019, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(2)(1)(a) den chéanna, a mhéid a chuirtear rochtain ar bhunioncam faoi réir an choinníll a bhaineann le cónaí san Iodáil ar feadh 10 mbliana ar a laghad (nach mór don dá bhliain deiridh, tráth a dhéantar an t-iarratas agus ar feadh ré iomlán íocaíochta an tsochair, a bheith leanúnach), lena dtugtar níos lú fabhair mar sin do náisiúnaigh na hIodáile, do náisiúnaigh an Aontais a bhfuil an ceart cónaithe nó buanchónaithe acu, nó náisiúnaigh tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad, a bhfuil cónaithe orthu, ar feadh tréimhse níos lú ná deich mbliana nó ar feadh deich mbliana, agus nach raibh an dá bhliain deiridh acu sin leanúnach maidir leis na catagóirí céanna a bhfuil cónaí orthu ar feadh deich mbliana, agus an dá bhliain deiridh ar bhonn leanúnach ?

I gcás freagra dearfach ar an gceist roimhe:

An gcuirtear cosc le dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 18 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 45 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 492/11, Airteagal 11(1)(d) de Threoir (AE) 2003/109, Airteagal 29 de Threoir (AE) 2011/95, Airteagal 34 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 30 agus 31 de Chairt Shóisialta na hEorpa ó Chomhairle na hEorpa, ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá in Airteagal 7(1) de Dhlí Foraithne Uimh. 4 an 28 Eanáir 2019 arna thrasuí sa dlí agus arna leasú le Dlí Uimh. 26 an 28 Márta 2019, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(2)(1)(a) den chéanna, a mhéid a thugtar leis cóir éagsúil do chónaitheoirí fadtéarmacha, ar féidir leo buancheart cónaithe a fháil i mballstát de chuid an Aontais tar éis cónaí orthu ar feadh cúig bliana sa Bhallstát óstach agus cónaitheoirí fadtéarmacha a bhfuil cónaí orthu ar feadh deich mbliana,  an dá bhliain deiridh ar bhonn leanúnach?

An gcuirtear cosc le dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 18 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 45 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 492/11, Airteagal 11(1)(d) de Threoir (AE) 2003/109, Airteagal 29 de Threoir (AE) 2011/95, ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá in Airteagal 7(1) de Dhlí Foraithne Uimh. 4 an 28 Eanáir 2019, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(2)(1)(a) den chéanna, a mhéid a cheanglaítear ar náisiúnaigh na hIodáile, náisiúnaigh an Aontais agus náisiúnaigh tríú tír a bheidh cónaí orthu ar feadh deich mbliana (an dá bhliain deiridh ar bhonn leanúnach) d’fhonn rochtain a fháil ar bhunioncam sochair?

An gcuirtear cosc le dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 18 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 45 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 492/11, Airteagal 11(1)(d) de Threoir (AE) 2003/109, Airteagal 29 de Threoir (AE) 2011/95, Airteagal 34 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 30 agus 31 de Chairt Shóisialta na hEorpa ó Chomhairle na hEorpa, ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá in Airteagal 7(1) de Dhlí Foraithne Uimh. 4 an 28 Eanáir 2019, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(2)(1)(a) den chéanna, a mhéid a cheanglaítear ar náisiúnaigh na hIodáile, náisiúnaigh an Aontais agus náisiúnaigh tríú tír a dhearbhú go bhfuil cónaí orthu ar feadh deich mbliana,  an dá bhliain deiridh ar bhonn leanúnach, d’fhonn rochtain a fháil ar bhunioncam sochair, rud a fhágann go n-eascróidh iarmhairtí tromchúiseacha a bhaineann le hábharthacht choiriúil ón dearbhú bréagach?

____________

1 Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas (IO 2011 L 141, lch. 1).

1 Treoir 2003/109/EC ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad, (IO 2004 L 16, lch. 44).

1 Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí agus inneachar na cosanta a thugtar (athmhúnlú) (IO 2011 L 337, lch. 9).