Language of document :

Caingean arna tabhairt an 25 Samhain 2022 – Rotenberg v an Chomhairle

(Cás T-738/22)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Igor Rotenberg (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa, M. Moretto agus V. Villante, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Maíonn an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/15301 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/15291 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní;

an Cinneadh a rinneadh an t-iarratasóir a choinneáil ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha faoi Chinneadh 2014/145/CBES1 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) Uimh. 269/20142 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, arna ghlacadh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh le litir dar dáta an 16 Meán Fómhair 2022;

a mhéid a áirítear leis na gníomhartha sin an t-iarratasóir ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach;

a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh costais na n-imeachtaí reatha a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a shonrú, ar Airteagal 296 CFAE agus ar Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha; sárú ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach agus ar Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe, mainneachtain an dualgas cruthúnais a chomhlíonadh, sárú ar na critéir liostála a leagtar amach in Airteagail 1 (1)(b),(d) agus 2(1)(d) agus (f) de Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 agus in Airteagal 3(1)(d) agus (f) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014, araon a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus ar chearta bunúsacha an iarratasóra, sárú ar chearta bunúsacha an iarratasóra chun maoine agus an tsaoirse chun gnó a dhéanamh agus sárú ar Airteagail 16 agus 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

____________

1 Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. (IO 2022 L 239, lch. 149).

1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/15292 1529 an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. (IO 2022 L 239, lch. 1).

1 Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. (IO 2014 L 78, lch. 16).

1 Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. (IO 2014 L 78, lch. 6).